Fógra maidir le hAthrú Ábhartha ar Leasú Molta 1 ar Phlean Ceantair Áitiúil Chaisleán an Chomair
Comhairle Chontae Chill Chainnigh
Comhairle Contae Chill Chainnigh
Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 - 2010
Fógra maidir le hAthrú Ábhartha ar Leasú Molta 1 ar Phlean Ceantair Áitiúil Chaisleán an Chomair
Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh Leasú 1 Beartaithe ar Phlean Ceantair Áitiúil Chaisleán an Chomair a athrú go hábhartha. Is féidir cóip den Athrú Ábhar a iniúchadh ó Dé Máirt 10 Aibreán go 8 Bealtaine 2012 ag na láithreacha seo a leanas ó Luan go hAoine (gan laethanta saoire bainc san áireamh):
An Cheantar | Uaireanta Oscailte |
---|---|
An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Sráid Eoin | 9am-1pm & 2pm - 4pm |
Oifig Cheantair Chaisleán an Chomair | 9am-1pm & 2pm - 5pm |
Beidh an tAthrú Ábhartha ar an Leasú Beartaithe ar fáil freisin ar shuíomh Gréasáin na Comhairle ag http://lap.kilkennycoco.ie/2010/amendments/?page_id=47
Cuirfear san áireamh aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an Athrú Ábhartha, a dhéanfar i scríbhinn chuig an Stiúrthóir Seirbhísí, Pleanála, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh agus a gheofar roimh 4pm ar an 8 Bealtaine 2012, sula ndéanfar an tAthrú Ábhartha. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh freisin trí ríomhphost chuig localareaplans@kilkennycoco.ie
Beidh cóipeanna den Athrú Ábhar ar fáil le ceannach ón Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Chill Chainnigh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Pleanáil Chun Cinn ag 056-7794010.
Seán Mac Cormaic
Stiúrthóir Seirbhísí
Dáta: 4 Aibreán 2012