Dearbhuithe Bliantúla Baill Údaráis Áitiúla

I mí Eanáir 2003 tháinig creatlach eitice nua i bhfeidhm a rialaíonn eitic agus cóid iompair Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil.

Mar riail ghinearálta, forálann an creat seo go bhfuil sé de dhualgas ar gach Ball den Údarás Áitiúil agus gach fostaí caighdeáin chuí ionracais, iompair agus imní a choinneáil ar mhaithe le leas an phobail. Ina theannta sin, bhunaigh sé córas um dhearbhú leasanna bliantúil, nochtadh leasa i ní, a thagann os comhair an údaráis, agus clár poiblí leasanna, do gach comhalta.

Tá na leasanna nach mór a dhearbhú go bliantúil leagtha amach in Alt 175 de Leabhar Reachtanna na hÉireann den Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus sna rialacháin ghaolmhara.

Mar threoir ghinearálta, cuimsíonn siad sealúchais talún nó réadmhaoine eile, scairsheilbh, stiúrthóireachtaí, conarthaí le húdarás áitiúil. Caithfidh gach ball foirm a chomhlánú agus a sheoladh ar ais gach bliain ag leagan amach ac(h)uid spéise.

Tugtar fógra leis seo go bhfuil ráitis ó chomhaltaí Tofa Chomhairle Contae Chill Chainnigh ar fáil anois lena scrúdú in oifigí Chomhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin le linn gnáthuaireanta oifige nó is féidir iad a fheiceáil ar na naisc a ghabhann leis seo.

 
2017Dearbhú Bliantúil Comhaltaí Údaráis Áitiúil 2017 
2018Dearbhuithe Bliantúla Comhaltaí Údaráis Áitiúil 2018 
2019Dearbhuithe Bliantúla Comhaltaí Údaráis Áitiúil 2019 
2020Dearbhuithe Bliantúla Comhaltaí Údaráis Áitiúil 2020 
2021Dearbhuithe Bliantúla Comhaltaí Údaráis Áitiúil 2021
2022Dearbhuithe Bliantúla Comhaltaí Údaráis Áitiúil 2022
2023Dearbhuithe Bliantúla Comhaltaí Údaráis Áitiúil 2023

 

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan