Fíneálacha - Fógraí Muirear Seasta
Fógraí um Chion Muirear Seasta (Fíneálacha Páirceála)
Próiseálann Rannóg Tráchta Chomhairle Contae Chill Chainnigh gach Fógra um Chion Muirear Seasta (Fíneálacha Tráchta) agus tá sé suite ag Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh.
Ba cheart duit an chomharthaíocht sráide a sheiceáil i gcónaí agus tú ag páirceáil chun fíneálacha páirceála a sheachaint.
Is é €40.00 an Cion Muirir Sheasta i gcás fhormhór na gcionta páirceála, €80 as páirceáil ar chosán, imeall féir nó stiall mheán nó páirceáil i lána rothar, €60.00 as gan ceadúnas reatha ciste bóthair (diosc cánach mótair) a thaispeáint agus €150.00 as feithicil a pháirceáil i mbá páirceála do dhaoine faoi mhíchumas gan cead páirceála bailí do dhaoine faoi mhíchumas a thaispeáint. Ar fháil Cion Muirir Sheasta, féadfaidh duine an muirear seasta a íoc le linn tréimhse 28 lá. Mura n-íocann tú an muirear seasta le linn na tréimhse sin, méadófar an muirear seasta faoi 50%. Féadfaidh tú an méid méadaithe a íoc le linn na tréimhse breise 28 lá. Mura n-íoctar an fhíneáil tar éis an ama seo, féadfar an duine a ionchúiseamh.
Glacfar le híocaíocht as Cionta Muirear Seasta ag Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh - uaireanta oscailte 9.00am go 1.00pm. Is féidir íocaíocht a dhéanamh leis an bpost freisin, ar líne ag www.kilkennycoco.ie., nó ar an teileafón ar 056-7794540 .
Ní bhaineann rátaí Park Magic ach le criosanna ainmnithe Park Magic agus ní mór iad a íoc ar an bhfón nó ar an aip.
Comhairle Contae Chill Chainnigh