Plean Seachadta Seirbhíse

Tá dualgas ar an gComhairle Plean Seachadta Seirbhíse a ghlacadh, faoi Alt 134A den Acht Rialtais Áitiúil 2001 gach bliain.

Tá gá le Plean Seachadta Seirbhíse na Comhairle:

  • na príomhsheirbhísí atá le soláthar ag an gComhairle don phobal a shainaithint,
  • a bheith comhsheasmhach leis an mbuiséad glactha don bhliain agus leis an bPlean Corparáideach 2014-2019,
  • breac-chuntas a thabhairt ar chuspóirí agus ar thosaíochtaí do sheachadadh gach seirbhíse,
  • breac-chuntas a thabhairt ar chaighdeáin feidhmíochta agus ar an gcaoi a ndéanfar feidhmíocht a mheasúnú,
  • aon chomhaontú leibhéal seirbhíse a chur san áireamh,
  • aon straitéis, aon phlean nó aon bheartas atá glactha ag an gComhairle cheana féin a chur san áireamh agus
  • aghaidh a thabhairt ar ábhair áirithe a fhéadfaidh an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (NOAC) a chur ar an eolas maidir le caighdeáin feidhmíochta.

Tá an Plean bunaithe ar na cuspóirí agus na straitéisí atá leagtha amach sa Phlean Corparáideach, i ngach ceann de na Réimsí Seirbhíse, agus leagann sé amach na gníomhartha atá beartaithe ag an gComhairle a dhéanamh in aon bhliain chun freastal ar a gealltanais dá custaiméirí faoina cuid polasaithe iomadúla,. pleananna agus cláir.

Tá clár oibre cuimsitheach beartaithe le tabhairt faoi gach bliain trí mheicníochtaí éagsúla seachadta seirbhíse, lena n-áirítear:

  • soláthar seirbhíse díreach don chuid is mó,
  • de réir conartha,
  • trí sheirbhísí comhroinnte i gcomhar agus i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí éagsúla,
  • trí chomhaontuithe leibhéal seirbhíse ar nós iad siúd le Fiontraíocht Éireann agus
  • go hindíreach trí na scéimeanna deontais & cúnaimh éagsúla do ghrúpaí pobail & eile.

Déanfaidh gach Stiúrthóir Seirbhísí agus a bhfoirne monatóireacht rialta ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na bPleananna Seachadta Seirbhíse agus déanfar tuairisciú ar ábhair shuntasacha ábhartha, de réir mar is cuí, i dTuarascálacha rialta an Phríomhfheidhmeannaigh don Chomhairle Tofa.

Tá dualgas dlíthiúil ann freisin measúnú ar sheachadadh seirbhísí na Comhairle i rith na bliana a chur san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil na Comhairle i gcomparáid leis an bPlean Seachadta Seirbhíse.

2024-Plean Seachadta Seirbhíse

Plean Seachadta Seirbhíse 2023

Plean Seachadta Seirbhíse 2022

Plean Seachadta Seirbhíse 2021

Plean Seachadta Seirbhíse 2020

Plean Seachadta Seirbhíse 2019

Plean Seachadta Seirbhíse 2018

Plean Seachadta Seirbhíse 2017

Plean Seachadta Seirbhíse 2016

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan