CUID 8 - Forbairt a Bheartaítear - R703 Scéim Feabhsúcháin Dhroichead Chill Shéamais Cill Shéamais, Baile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh.

COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH

Comhairle Chontae Chill Chainnigh

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000-2007
Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001-2008

CUID 8
FÓGRA MAIDIR LE FORBAIRT A BHEARTAÍTEAR AG AN ÚDARÁS ÁITIÚIL

R703 Scéim Feabhsúcháin Dhroichead Chill Shéamais Cill Shéamais, Baile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh.

De réir Chuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin thuas, tugann Comhairle Contae Chill Chainnigh fógra leis seo faoi thograí a bhaineann le Scéim Feabhsúcháin Dhroichead Chill Shéamais an R703 i mbaile fearainn Chill Shéamais ar an mbóthar idir Baile Mhic Andáin agus Gráig na Manach.
Áirítear ar phríomhghnéithe na n-oibreacha atá beartaithe:

  • Scartáil i bpáirt agus athfhoirgniú an droichid láithreach.
  • Oibreacha leathnaithe agus coinneála ar an droichead atá ann cheana féin.
  • Leathnú an droichid chun trasghearradh 2 carrbhealach 3.5m ar leithead a dhéanamh.
  • Feabhsuithe ar an ailíniú carrbhealaigh cothrománach agus ingearach ar feadh thart ar 50m i ngach treo ó lár an droichid.
  • Soláthar bacainn tuairteála agus marcanna bóthair.
  • Fál agus ballaí a thógáil feadh teorainneacha nuabhunaithe a chruthaigh an scéim bheartaithe.
  • Athshíolú féir ar chiumhaiseanna agus ar fhánaí taoibh

Féadfar sonraí na scéimeanna a iniúchadh ó Dé hAoine an 16ú Iúil 2010 chun Dé hAoine an 27ú Lúnasa 2010, sna hoifigí seo a leanas de chuid Chomhairle Contae Chill Chainnigh:

  • Oifig Ceantair Bhaile Mhic Andáin Ó 9am go 1pm & 2pm go 5pm Baile Mhic Andáin. Luan go hAoine (Seachas Laethanta Saoire Poiblí).
  • An Oifig um Dhearadh Bóithre, Ó 9am go 1pm & 2pm go 5pm. Uimh.1 Sráid an Déin, Cill Chainnigh. Luan go hAoine (Seachas Laethanta Saoire Poiblí).
  • Foirgnimh an Chontae, Ó 9am go 5pm. Sráid Eoin, Cill Chainnigh Luan go hAoine (Seachas Laethanta Saoire Poiblí).

Féadfar aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh maidir leis na forbairtí molta i scríbhinn chuig:
Seán Uasal, Mullholland,
Stiúrthóir Seirbhísí,
Iompar, Pleanáil Éigeandála, Corparáideach agus Comhairle Buirge Chill Chainnigh,
Comhairle Contae Chill Chainnigh,
Foirgnimh an Chontae,
Sráid Eoin,
Cathair Chill Chainnigh.

Is é Dé hAoine an dáta is déanaí chun tuairimí a fháil faoin scéim thuas 10 Meán Fómhair 2010.

J. Mulholland,
Stiúrthóir Seirbhísí,
Iompar, Pleanáil Éigeandála, Corparáideach & Comhairle Buirge Chill Chainnigh,
Comhairle Contae Chill Chainnigh.


Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan