Fógra Forbartha Beartaithe - Foinse Screamhuisce ag Cúirt an Ghainimh, Co. Chill Chainnigh
Fógra maidir le forbairt bheartaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh, is é sin astarraingt screamhuisce ó pháirc an tobair atá suite ag Dún an Ghainimh, Co. Chill Chainnigh. Soláthróidh an fhorbairt suas le 3,000 m3 uisce in aghaidh an lae
Comhairle Contae Chill Chainnigh - Comhairle Chontae Chill Chainnigh
Scéim Réigiúnach Soláthair Uisce Chathair Chill Chainnigh
Forbairt Foinse Screamhuisce ag Dún an Ghainimh, Co. Chill Chainnigh
Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001
De bhun riachtanas Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh forbairt a dhéanamh, a bhfuil sonraí ina leith leagtha amach sa Sceideal thíos.
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha a bheartaítear ar fáil lena scrúdú ag na hoifigí seo a leanas:
Comhairle Contae Chill Chainnigh, Rannóg na Seirbhísí Uisce, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh agus ag Comhairle Buirge Chill Chainnigh, Halla na Cathrach, An tSráid Ard, Cill Chainnigh.
ó 9.00 rn chun 5.00 pm Dé Luain chun Dé hAoine, ar feadh tréimhse dar críoch Dé hAoine 20 Bealtaine 2011
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a dhéileálann le pleanáil cheart agus forbairt an cheantair ina mbeadh an fhorbairt suite, a dhéanamh i scríbhinn chuig:
An Stiúrthóir Seirbhísí, Seirbhísí Uisce agus Comhshaoil, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh
tráth nach déanaí ná 5.00 pm, Dé hAoine 3 Meitheamh, 2011. Ba chóir aighneachtaí a mharcáil go soiléir Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Chathair Chill Chainnigh
An Cheantar | Cineál na Forbartha |
---|---|
Dún an Ghainimh, Co. Chill Chainnigh | Cuimsíonn an fhorbairt astarraingt screamhuisce ó pháirc an tobair atá suite i nDún an Ghainimh, Co. Chill Chainnigh. Soláthróidh an fhorbairt suas le 3,000 m3 uisce in aghaidh an lae. Is iad príomh-chomhpháirteanna na forbartha a bheartaítear: -
Is é an cuspóir ná cur leis an soláthar uisce inólta do RWSS Chathair Chill Chainnigh. |
Sínithe: Pilib O Néill
Stiúrthóir Seirbhísí
Seirbhísí Uisce agus Comhshaol
Dáta: 22 Aibreán 2011