Fógra Forbartha Beartaithe - Feabhsúcháin ar Acomhal an N24, Baile an Phoill
Comhairle Chontae Chill Chainnigh
Comhairle Contae Chill Chainnigh
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2010
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 go 2011
Fógra ó Údarás Áitiúil i dtaobh Forbartha Beartaithe
Feabhsúcháin ar Acomhal an N24, Baile an Phoill
De réir Chuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin thuas, tugann Comhairle Contae Chill Chainnigh fógra leis seo faoi thograí a bhaineann le Feabhsúcháin ar Acomhal an N24 i gcóngaracht Bhaile an Phoill.
Tá modhnú ar dhá acomhal bóthair áitiúla (LP1038 & LP1039) ar Phríomhbhóthar Náisiúnta an N24, siar ó Bhaile an Phoill i gceist leis an scéim bheartaithe. Ní bheidh casadh ar dheis amach as na hacomhail seo indéanta. Beidh cosc ar chasadh ar chlé ón N24 isteach in acomhal LP1039. Cuirfear nascbhóthar nua ar fáil idir an Turret agus Túr Bhaile an Phoill. Soláthrófar acomhal nua ar chlé isteach ar an N24 trí nascbhóthar nua agus thar dhroichead siar ó dheas ó túr Bhaile an Phoill. Dúnfar bealach isteach áitiúil ar an taobh theas den N24, a fhreastalaíonn ar roinnt maoine. Beidh rochtain ar na réadmhaoine seo trí bhóthar rochtana nua a mbeidh acomhal aige ar an mbóthar ceangail nua in aice leis an droichead nua. Áirítear sa scéim freisin mionoibreacha agus oibreacha iarmhartacha eile a bhaineann leis an scéim.
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh nó lena gceannach, ar tháille réasúnta nach mó ná an costas réasúnach cóip a dhéanamh, le linn uaireanta oifige ag na láithreacha seo a leanas:
- Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh
- Comhairle Contae Chill Chainnigh, Oifig Cheantair an Rátha Nua, An Ráth, Co. Chill Chainnigh
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an tréimhse iniúchta don scéim seo síneadh go dtí an 3rd de mhí Feabhra, 2012.
Tá sé seo chun am a thabhairt don phobal agus do na Comhlachtaí Reachtúla athbhreithniú a dhéanamh ar Mheasúnú Scagtha Tionscadal na Treorach um Ghnáthóga atá curtha leis na doiciméid Taispeána Chuid 8 anois. Tá foilsiú Mheasúnaithe Scagtha Tionscadal na Treorach maidir le Gnáthóga de réir Airteagal 250 de IR 476 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2011 – 2000 2010.
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a dhéileálann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair a dhéanamh i scríbhinn chuig an tUasal John Mulholland, Stiúrthóir Seirbhísí, Bóithre agus Iompair, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Chill Chainnigh, ar nó roimhe 17th Feabhra, 2011.
John Mulholland, Mr.
Stiúrthóir Seirbhísí,
Bóithre & Iompar. 16 Nollaig, 2011