Scéimeanna Faoisimh Tuile atá beartaithe i nGráig na Manach agus i gCallainn
Taispeántas poiblí ar fhorbairtí beartaithe de réir cheanglais Chuid VIII de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001
COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH
Comhairle Chontae Chill Chainnigh
Scéimeanna Faoisimh Tuilte Ghráig na Manach & Challainn.
De réir cheanglais Chuid VIII de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, tá sonraí na nOibreacha Faoisimh Tuilte atá le déanamh i nGráig na Manach agus i gCallainn ar taispeáint go poiblí faoi láthair, de réir an fhógra a foilsíodh le déanaí.
Beidh ionadaithe ó Chontae Chill Chainnigh agus dearthóirí na scéimeanna ar fáil mar seo a leanas chun ceisteanna ón bpobal a fhreagairt ar shonraí na scéimeanna atá beartaithe.
Déardaoin 21 Deireadh Fómhair 2010 6 go 8pm - Leabharlann Ghráig na Manach
Dé Máirt 26 Deireadh Fómhair 2010 6 go 8pm - Oifigí Ceantair Challainn.
Seán Ó Maoláin,
Stiúrthóir Seirbhísí.