Na Rialacháin Eorpacha (Pacáistiú) 2014, arna leasú

Úsáidtear pacáistiú chun táirgí a imfhálú nó a chosaint lena ndáileadh, lena stóráil, lena ndíol agus lena n-úsáid. Tá athchúrsáil dramhaíola pacáistithe go maith don chomhshaol mar go n-úsáidtear acmhainní agus fuinneamh nach beag chun na sruthanna éagsúla ábhar pacáistithe a tháirgeadh. Ní mór d’Éirinn spriocanna athchúrsála an AE a bhaint amach do na cineálacha pacáistithe seo a leanas: gloine, plaisteach, páipéar agus clár, miotail agus adhmad.


Leagann an Treoir maidir le Pacáistiú agus Dramhaíl Pacáistithe na spriocanna seo amach maidir le dramhaíl phacáistithe a aisghabháil agus a athchúrsáil agus ceanglaítear ar na Ballstáit scéimeanna bailithe, athchúrsála agus aisghabhála don dramhaíl sin a bhunú. Tá an Treoir á athbhreithniú faoi láthair ag Coimisiún an AE chun na bunriachtanais maidir le pacáistiú a mheas. Tá sé mar aidhm ag an athbhreithniú measúnú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun dearadh pacáistithe a fheabhsú chun athúsáid agus athchúrsáil a chur chun cinn, ábhar athchúrsáilte i bpacáistiú a mhéadú, dul i ngleic le pacáistiú iomarcach agus dramhaíl pacáistithe a laghdú.


Sa Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach, Tá Éire tiomanta do chinntiú go mbeidh gach pacáistiú ar mhargadh na hÉireann in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte ar bhealach atá inmharthana go heacnamaíoch faoi 2030.

Tá scéim chomhlíonta na hÉireann maidir le pacáistiú á oibriú ag Repak

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar cad ba cheart a dhéanamh le dramhphacáistiú ar www.mywaste.ie.

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan