Leasú ar an Scéim Vótaíochta do Chontae Chill Chainnigh
FÓGRA POIBLÍ – Dréacht-Scéim - Leasú ar an Scéim Vótaíochta do Chontae Chill Chainnigh
Tá Dréachtscéim Vótaíochta ullmhaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh de bhun na nAchtanna Toghcháin 1992 - 2001 agus na Rialachán Toghcháin (Scéimeanna Vótaíochta) 2005. Soláthraíonn an Dréacht-Scéim Vótaíochta áiteanna vótaíochta do gach ceantar vótaíochta i gContae Chill Chainnigh chun críche toghcháin agus reifreann. .
Beidh an Dréachtscéim Vótaíochta ar taispeáint go poiblí ón gCéadaoin 30th Meán Fómhair, 2020 go dtí Dé hAoine 6th Samhain, 2020 ag 12 meán lae sna hoifigí seo a leanas:
Deasc Fáiltithe, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh le linn gnáthuaireanta oifige.
Oifigí Ceantair ach coinne a dhéanamh idir 9.00rn agus 1.00in.
Bóthar Chluain Meala, Callainn - Uimhir theagmhála: 0567755520
Sráid Chill Chainnigh, Caisleán an Chomair - Uimhir theagmhála: 0567794450
Ionad Siopadóireachta, Port an Chalaidh - Uimhir Theagmhála:051-831370
Ladyswell, Baile Mhic Andáin - Uimhir theagmhála: 0567793340
Tá cóip den Scéim Vótaíochta ar fáil freisin lena iniúchadh ar líne ar shuíomh Gréasáin comhairliúcháin Chomhairle Contae Chill Chainnigh ag: https://consult.kilkenny.ie/
Is féidir cóip den dréacht-Scéim Vótaíochta a cheannach ag Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh ar tháille €5.
Tá Comhairle Contae Chill Chainnigh ag lorg tuairimí/aighneachtaí lena mbreithniú ar an Dréachtscéim Vótaíochta ag an 6th Samhain, 2020 ag 12 meán lae.
Ba cheart tuairimí/aighneachtaí a dhéanamh sa phost chuig an té atá sínithe thíos nó trí ríomhphost chuig: scéim vótaíochta2020@Kilkennycoco.ie nó ag: https://consult.kilkenny.ie/
An tUasal Tim Butler
Stiúrthóir Seirbhísí, Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh. R95A39T