Athrú Uimh. 1 ar Phlean Forbartha Chathair agus Phurláin Chill Chainnigh 2014-2020
Comhairle Contae Chill Chainnigh Athrú Uimh. 1 ar Phlean Forbartha Cathrach agus Purláin Chill Chainnigh 2014-2020
De réir Alt 13(3) de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2014, tugtar fógra leis seo go bhfuil Athrú ar Phlean Forbartha Chathair agus Phurláin Chill Chainnigh 2014-2020 á mholadh ag Comhairle Contae Chill Chainnigh.
De bhreis ar Chuspóir 3C de Phlean Forbartha Chathair agus Phurláin Chill Chainnigh 2014-2020 ('Máistirphlean agus creat dearaidh uirbigh a ullmhú do shuíomh Smithwick's agus Cé Bateman le linn shaolré an Phlean Forbartha'), tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh anois a dhéanamh. a Athrú ar an bPlean Forbartha céanna chun 9 uimh. cuspóirí forbartha nua do limistéar an mháistirphlean.
Is iad na cúiseanna atá leis an Athrú molta:
- Bunús reachtúil a chinntiú do phrionsabail ardleibhéil atá ag teastáil chun taca a chur faoi fhorbairt iarshuíomh Ghrúdlann Smithwick's, Cé Bateman/Clós an Mhargaidh agus an ceantar máguaird a chomhdhlúthóidh lár na cathrach agus a chuirfidh lena bheogacht agus lena inmharthanacht.
- An leas is fearr a bhaint as deiseanna maoinithe agus acmhainne reatha.
Is féidir cóip den Athrú Molta, lena n-áirítear Tuarascáil Timpeallachta ar Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Tuarascáil Scagtha ar Mheasúnú Cuí (AA), a iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas ar feadh tréimhse 4 seachtaine idir Dé Máirt an 23 Meitheamh agus Dé Máirt an 21 Iúil 2015:
- Ar líne ag http://consult.kilkenny.ie/
- An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Sráid Eoin, Cill Chainnigh le linn uaireanta oscailte oifige 9.00rn go 1.00in agus 2.00in go 4.00in Luan go hAoine.
- Leabharlann Carnegie, Cé Eoin, Cill Chainnigh le linn uaireanta oscailte: Dé Máirt agus Dé Céadaoin 10am go 1pm agus 2pm go 8pm, Déardaoin agus Dé hAoine 10am go 1pm agus 2pm go 5pm, agus Dé Sathairn 10am go 1:30pm.
Reáchtálfar tráthnóna faisnéise poiblí neamhfhoirmiúil sna Maltings, Plás Tilbury, Cill Chainnigh ar an Déardaoin an 25 Meitheamh 2015 ó 4pm-7pm áit a mbeidh na doiciméid go léir ar taispeáint go poiblí agus beidh foireann na Comhairle i láthair chun aon cheisteanna a fhreagairt.
Cuirfear san áireamh aighneachtaí nó tuairimí scríofa maidir leis an Athrú molta, an Tuarascáil Timpeallachta SEA agus an Tuarascáil Scagtha AA a rinneadh don Údarás Pleanála laistigh den tréimhse seo sula ndéanfar an tAthrú. Ní mór 'Athrú' a mharcáil go soiléir ar gach aighneacht.
Ní mór aighneachtaí a dhéanamh ar líne ag http://consult.kilkenny.ie , nó seolta ar ríomhphost chuig ourplan@kilkennycoco.ie nó i scríbhinn chuig Sean McKeown, Stiúrthóir Seirbhísí, An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Sráid Eoin, Cill Chainnigh. Ní mór aighneachtaí a bheith faighte ag an Údarás Pleanála faoi 5pm Dé Máirt an 21 Iúil 2015.
Sean McKeown
Stiúrthóir Seirbhísí, An Roinn Pleanála
19th June 2015