Dréacht-Mháistirphlean do Cheathrú Cruthaitheach na Mainistreach
Dréacht-Mháistirphlean Chomhairle Contae Chill Chainnigh do Cheathrú Cruthaitheach na Mainistreach
(Iar-shuíomh Ghrúdlann Smithwick’s agus ceantar Ché Bateman / Clós an Mhargaidh)
De réir Chuspóir 3C de Phlean Forbartha Cathrach agus Purláin Chill Chainnigh 2014-2020, tá Dréacht-Mháistirphlean ullmhaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh do shuíomh Smithwick’s agus limistéar Ché Bateman/Clós an Mhargaidh.
Is doiciméad neamhreachtúil é an Dréacht-Mháistirphlean. Tá Tuarascáil Timpeallachta um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MSC), Measúnú Cuí (AA) Tuarascáil Tionchair Natura, Measúnú Riosca Tuilte (FRA) agus Straitéis Seandálaíochta ag gabháil leis an Dréacht-Mháistirphlean.
Is féidir cóip den Dréacht-Mháistirphlean agus na doiciméid a théann leis a iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas ar feadh tréimhse 4 seachtaine idir Dé Máirt an 23 Meitheamh agus
Dé Máirt, 21 Iúil 2015:
- Ar líne ag http://consult.kilkenny.ie/
- An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Sráid Eoin, Cill Chainnigh le linn uaireanta oscailte oifige 9.00rn go 1.00in agus 2.00in go 4.00in Luan go hAoine.
- Leabharlann Carnegie, Cé Eoin, Cill Chainnigh le linn uaireanta oscailte: Dé Máirt agus Dé Céadaoin 10am go 1pm agus 2pm go 8pm, Déardaoin agus Dé hAoine 10am go 1pm agus 2pm go 5pm, agus Dé Sathairn 10am go 1:30pm.
Reáchtálfar tráthnóna faisnéise poiblí neamhfhoirmiúil sna Maltings, Plás Tilbury, Cill Chainnigh ar an Déardaoin an 25 Meitheamh 2015 ó 4pm-7pm áit a mbeidh na doiciméid go léir ar taispeáint go poiblí agus beidh foireann na Comhairle i láthair chun aon cheisteanna a fhreagairt.
Cuirfear san áireamh aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an Dréacht-Mháistirphlean, Tuarascáil Timpeallachta SEA, Tuarascáil Tionchair AA Natura agus na doiciméid a ghabhann leis chuig an Údarás Pleanála laistigh den tréimhse seo sula ndéanfar an plean. Ní mór ‘Máistirphlean’ a mharcáil go soiléir ar gach aighneacht. Ní mór aighneachtaí a dhéanamh ar líne ag http://consult.kilkenny.ie, nó seolta ar ríomhphost chuig ourplan@kilkennycoco.ie nó i scríbhinn chuig Sean McKeown, Stiúrthóir Seirbhísí, An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Sráid Eoin, Cill Chainnigh. Ní mór aighneachtaí a bheith faighte ag an Údarás Pleanála faoi 5pm Dé Máirt an 21 Iúil 2015.
Sean McKeown
Stiúrthóir Seirbhísí,
An Roinn Pleanála
19th June 2015