Nósanna Imeachta Nua - Iarratais ar Dheimhnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán, Nollaig 2007

Ón 1 Eanáir 2008 leasóidh Comhairle Contae Chill Chainnigh (Údarás Dóiteáin) a nósanna imeachta maidir le próiseáil iarratas ar Dheimhnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán faoi na Rialacháin um Rialú Foirgníochta 1997. Tá sé seo chun an tÚdarás a thabhairt de réir dea-chleachtais don nós imeachta seo.

Tar éis an dáta seo nuair a thaisctear iarratas ar Theastas Sábháilteachta ó Dhóiteán chuig Comhairle Contae Chill Chainnigh, seolfar admháil doiciméid agus táille chuig an iarratasóir. Ní thabharfar uimhir iarratais don iarratasóir ag an bpointe seo. Déanfar an t-iarratas a mheasúnú ansin faoi Alt 13 de na Rialacháin chun a fháil amach an iarratas bailí é nó nach ea.

Nuair a dhéanfar measúnú ar bhailíocht an iarratais agus go bhfaightear amach gur iarratas bailí é, seolfar fógra chuig an iarratasóir á chur in iúl dó go bhfuil an t-iarratas bailí, an dáta a fuarthas an t-iarratas agus ag tabhairt uimhir iarratais dó. Beidh dhá mhí ag an Údarás ansin ón dáta a taisceadh na doiciméid chun an measúnú ar an iarratas a chomhlánú agus chun cinneadh a dhéanamh cé acu an gceadófar an t-iarratas (le coinníollacha nó gan choinníollacha) nó an diúltú don iarratas. Le linn an ama sin féadfaidh an tÚdarás tuilleadh faisnéise a iarraidh ar an iarratasóir maidir leis an iarratas.

Nuair a bheidh an t-iarratas measúnaithe maidir le bailíocht agus má fhaightear amach gur iarratas neamhbhailí é, beidh dhá rogha ag an Údarás:

1. Cuirfear in iúl don Iarratasóir go bhfuil an t-iarratas neamhbhailí agus seolfar an t-iarratas iomlán lena n-áirítear táille ar ais chuig an iarratasóir; nó

2. Cuirfear in iúl don Iarratasóir go bhfuil an t-iarratas neamhbhailí. Éileoidh an tÚdarás ar an Iarratasóir tuilleadh faisnéise a thabhairt chun an t-iarratas a dhéanamh bailí. Coinneofar an t-iarratas ar deireadh go dtí go bhfaighfear an fhaisnéis riachtanach. Nuair a gheofar an fhaisnéis is gá chun an t-iarratas a dhéanamh bailí, rachaidh an tÚdarás ar aghaidh mar atá thuas.

Sa chás seo is é an dáta a gheofar an t-iarratas an dáta a fuair an tÚdarás an fhaisnéis bhreise, ní an dáta a fuair an tÚdarás an t-iarratas bunaidh.

Ar ais


Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan