Daoine Dóiteáin ag Foghlaim Sábháilteacht Uisce, Deireadh Fómhair 2004

Daoine Dóiteáin ag Foghlaim Sábháilteacht Uisce

Sa chás go dtarlódh timpiste de chineál ar bith i gCathair nó i gContae Chill Chainnigh is iad na fir dóiteáin a cuireadh amach ar dtús. Ní rud neamhghnách é glaoch chuig eachtra ag an abhainn nó in aice leis an abhainn i gceantar atá faoi uisce. Agus é seo san áireamh chuir ár bhfear dóiteáin oiliúint ar dhéileáil le tuilte agus le tarrtháil tapa uisce.

Chuir Sábháilteacht Uisce Chill Chainnigh oiliúint ar na fir dóiteáin as seacht stáisiún, Cathair Chill Chainnigh, Áth na nUrlainn, Achadh Úr, Callainn, Baile Mhic Andáin agus Gráig na Manach i dtarrtháil tuile agus uisce mear. Cuireadh oiliúint ar gach stáisiún freisin maidir le trealamh nua a úsáid agus cuireadh rópaí agus seaicéid tarrthála ar fáil dóibh.

Ba iad baill áitiúla um shábháilteacht uisce a d’eagraigh an cúrsa agus is í Cill Chainnigh an t-aon chontae taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a bhfuil oiliúint den sórt sin déanta aige. San áireamh tá baill den tseirbhís dóiteáin, Príomhfheidhmeannach Cúnta Dóiteáin John Colins agus teagascóirí Chúrsa Sábháilteachta Uisce Chill Chainnigh, Eddie Hoyne, Billy Brett, Andy Ramsbottom, Michael Gaule, Breda Collins agus Sheila O’Driscoll.  

Ar ais

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan