Síneadh Nua Osclaíodh 1981
I 1981 d’oscail an tUas. Seamus Pattison, TD, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh agus an Méara Kieran Crotty, TD an síneadh nua i Stáisiún Dóiteáin Chathair Chill Chainnigh go hoifigiúil. Bhí: PJ Donnelly, Bainisteoir Contae; Captaen Hugh Corrigan; Mr. Des Wixted, Rúnaí Contae; Mr. Michael Barry, Innealtóir Contae; Mr. John Connolly, Comhairleoir Dóiteáin agus foireann an Stáisiúin Dóiteáin.
Radharc chun tosaigh ar an síneadh nua
Radharc ar chúl an síneadh nua
An Seomra Criú
Nuacht Eile
I 1982 ceapadh an tUasal W. Doyle ina Cheannaire Cúnta Dóiteáin. An bhliain sin freisin fuair Cill Chainnigh a céad Oifigeach Coiscthe Dóiteáin. Ba é an tUasal C. Cormican é.
Is é post oifigeach coiscthe dóiteáin dul chuig áiteanna ar nós óstáin, siopaí, scoileanna agus monarchana agus rudaí a lorg a d’fhéadfadh dóiteáin a thosú. Cinntíonn siad freisin go bhfuil doirse dóiteáin agus bealaí éalaithe dóiteáin ann. Déanann sé staidéar freisin ar phleananna d’fhoirgnimh sula dtógtar iad le cinntiú go bhfuil siad sábháilte. Tá céim mar Cheannaire Cúnta Dóiteáin ag Oifigeach Coiscthe Dóiteáin.