Scéim Deontais Dreasachta Rátaí 2024

Tá “Scéim Deontais Dreasachta Rátaí” 2024 ar fáil do gach íocóir Rátaí faoi réir téarmaí agus coinníollacha áirithe. Mar a faomhadh ag Cruinniú Buiséid 2024 Chomhairle Contae Chill Chainnigh, is féidir le híocóirí Ráta leas a bhaint as deontas de 5.8% de luach a Sonraisc Rátaí 2024 (gan riaráistí a áireamh) suas go huasluach €250.

 

Téarmaí & Coinníollacha

Is iad seo a leanas téarmaí agus coinníollacha “Scéim Deontais Dreasachta Rátaí” 2024. Tá dhá rogha íocaíochta ann:

 

Rogha 1 - Íoc go hiomlán

Íoc do bhille iomlán & riaráistí, chomh maith le Tobhach Iontrála Maoine atá fós gan íoc, más ann dó roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2024 ar a dhéanaí agus bain 5.8% suas go dtí an t-uasmhéid (€250) ó do Shonrasc Rátaí 2024.

Rogha 2 – Plean Íocaíochta Míosúil

2.1 Íoc do Rátaí & Riaráistí móide aon Tobhach Iontrála Maoine atá fós gan íoc, más ann dó, ina iomláine i 9 dtráthchodanna cothroma míosúla as a chéile trí dochar díreach ó Aibreán go Nollaig 2024 agus asbhain 5.8% suas go dtí an t-uasmhéid (€250) ó do shonrasc rátaí 2024.

2.2 Íoc do Rátaí & Riaráistí móide aon Tobhach Iontrála Maoine atá fós le híoc, más ann dó, de réir Buan-Ordú nó trí aon chomhshocraíocht mhíosúil chomhleanúnach eile ag tosú i mí an Mhárta 2024, le bheith críochnaithe faoi dheireadh mhí na Samhna 2024 agus asbhain 5.8% suas go dtí an t-uasmhéid (€250) ó do shonrasc rátaí 2024.

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan