Fodhlíthe Chomhairle Contae Chill Chainnigh 2017 - Toirmeasc ar Ídiú Deochanna Meisciúla ar Shráideanna agus in Áiteanna Poiblí
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL 2001
Tá Fodhlíthe déanta ag Comhairle Contae Chill Chainnigh a chuireann cosc ar ól deochanna meisciúla ar na sráideanna agus in áiteanna poiblí ag
1. Baile Ragad: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile Uí Ragad agus an ceantar máguaird.
2. Droichead Binéid: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile Dhroichead Binéid agus a phurláin.
3. Callainn: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile Challainn agus a phurláin.
4. Caisleán an Chomair: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile Chaisleán an Chomair.
5. Port an Chalaidh: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile Phádta an Chalaidh agus an ceantar máguaird.
6. Droichead Ghuaire: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile Dhroichead Ghuaire agus a phurláin.
7. Gráig na Manach: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile Ghráig na Manach agus a phurláin.
8. Inis Tíog: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta den chuid de bhaile fearainn Chill Chrois.
9. Cathair Chill Chainnigh agus a Purláin: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Chathair Chill Chainnigh agus a purláin.
10. Mooncoin: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile Mhóin Choinn agus a phurláin.
11. Baile an Phoill: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile an Phoill agus a phurláin.
12. Baile Mhic Andáin: An chuid sin de Chontae Chill Chainnigh atá comhdhéanta de Bhaile Mhic Andáin agus a phurláin.
Tiocfaidh na Fodhlíthe seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh, 2017.
Is í an fhíneáil uasta do dhaoine a fhaigheann an Chúirt Dúiche ciontach as sárú ar na Fodhlíthe seo ná €2,500.
Is féidir cóipeanna de na Fodhlíthe a cheannach nó a iniúchadh ag an Rannóg Chorparáideach, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh.
Tim Butler
Stiúrthóir Seirbhísí
Comhairle Contae Chill Chainnigh
26 Bealtaine, 2017.