Oibreacha Dul Chun Cinn ar Scéim Ghníomhachtú Tithíochta Bonneagair Áitiúil Chill Chainnigh

 

Le linn cuairte ar Chill Chainnigh le déanaí, d’fhéach an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, an Teachta Eoghan Murphy TD ar Scéim Bonneagair Chéim 1 Phurláin Thiar Chill Chainnigh.

Cuimsíonn an tionscadal seo uasghrádú ar an gCuarbhóthar agus ar Bhóthar Chill Manach le soláthar seirbhísí, droichid agus bóithre dáileacháin chun éascú le forbairt suas le 3,000 teach, dhá iar-bhunscoil, bunscoil amháin, páirc agus forbairtí comharsanachta eile sa cheantar. Ceantar “Breagagh Valley” sna blianta amach romhainn. Tá pleananna á n-ullmhú agus táthar ag súil le hiarratais phleanála sna míonna amach romhainn maidir le forbairt cónaithe. Freisin, le seachtain anuas tá foireann deartha ceaptha ag BOO Chill Chainnigh Cheatharlach chun na hiar-bhunscoileanna a chur chun cinn trí dhearadh, pleanáil agus tógáil. Léireoidh siad seo an tús le seachadadh Chomharsanacht Ghleann Bhréagach.

Tá costas iomlán measta de €13 milliún ar an mórthionscadal bonneagair seo agus ar cheannach talún gaolmhar agus soláthrófar tithe nua do Chathair Chill Chainnigh, lena n-áirítear tithe inacmhainne. Tá an tionscadal maoinithe i bpáirt faoi Chlár an Rialtais um Éire a Thógáil mar Scéim Ghníomhachtú Tithíochta. Chuir an conraitheoir ceaptha SIAC tús le hoibreacha ar an láthair i mí an Mhárta 2019 agus tá an tionscadal le bheith críochnaithe go déanach in 2020.

Is féidir ceisteanna maidir leis an bPreaseisiúint seo a chur chuig an Stiúrthóir Seirbhísí, Mary Mulholland Uasal, Fón 086 0629446, Ríomhphost mary.mulholland@kilkennycoco.ie .

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan