Cainteanna Sábháilteachta Dóiteáin don Scoilbhliain

PREASEISIÚINT
Dé Máirt 5 Lúnasa 2008

 

      

BLIAIN SCOILE

CHUN Cainteanna um SHÁBHÁILTEACHT DÓITEÁIN

Ag deireadh na scoilbhliana, tá áthas ar Sheirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Chill Chainnigh a fhógairt go bhfuil ceachtanna feasachta sábháilteachta dóiteáin curtha i láthair acu do bhreis is 1,000 dalta, rang a trí go príomha, i 36 bunscoil ar fud Chathair & Chontae Chill Chainnigh. Tá na ceachtanna mar chuid de chlár náisiúnta dar teideal'Foireann Sábháilteachta' atá deartha chun cur leis an leibhéal feasachta ar Shábháilteacht ó Dhóiteán sa Teach. Thug comhraiceoirí dóiteáin ó na seacht mbriogáid dóiteáin i gCathair & Contae Chill Chainnigh na cainteanna do na scoileanna. 

“Ar an meán, gach bliain in Éirinn, faigheann 46 duine (6 díobh sin faoi bhun 14 bliana d’aois) bás de bharr dóiteáin sa bhaile agus freastalaíonn os cionn 1,000 duine ar ospidéil le dónna/scaldaí”, dúirt oifigeach dóiteáin sinsearach. “Tá an clár ‘Foireann Sábháilteachta’ deartha go speisialta do leanaí. Tá sé léirithe ag taighde go bhfuil tábhacht ag baint leis an aois ag a bhfaigheann leanbh oideachas sábháilteachta dóiteáin. Aithníodh go raibh leanaí 8 nó 9 mbliana d’aois, daltaí rang a trí, níos oscailte do theachtaireachtaí sábháilteachta dóiteáin agus tugadh faoi deara freisin go raibh siad níos toilteanaí idirghníomhú lena dtuismitheoirí”.

Seachadadh an clár do bhunscoileanna ar fud Chathair & Chontae Chill Chainnigh. “Tugadh cóip den phacáiste 'Foireann Sábháilteachta' ar gach leanbh a d'fhreastail. Cuirtear an teachtaireacht um shábháilteacht ó dhóiteán in iúl ar bhealach spraíúil éifeachtach sa phacáiste agus áirítear leis comhairle éagsúla maidir le sábháilteacht dóiteáin, greamáin, cluichí agus seiceálacha baile. Spreagadh na leanaí scoile mar chuid dá gcuid obair bhaile chun idirghníomhú lena dteaghlaigh ar ghnéithe an chláir”.  Bunaithe ar eolas gur fhill na múinteoirí ar Cheanncheathrú na Seirbhíse Dóiteáin tar éis an cheachta scoile, tá Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Chill Chainnigh in ann an tuairim sin a thabhairt chun críche. Chríochnaigh 1,000 leanbh bileog seiceála sábháilteachta dóiteáin baile lena dtuismitheoirí/caomhnóirí.
“Is éard atá i gceist leis ná oideachas a chur ar na leanaí ionas go gcuirfidh siad oideachas ar a dteaghlaigh, rud a fhágann go mbeidh an leanbh ar an ambasadóirí um Shábháilteacht ó Dhóiteán sa Teach. Ba cheart go dtiocfadh iarmhairt iarmhartach ó na ceachtanna um Shábháilteacht ó Dhóiteán freisin agus na leanaí ag scaipeadh a gcuid eolais nua chuig baill eile den teaghlach agus cairde”, chríochnaigh oifigeach dóiteáin sinsearach. Cuirfear tús arís le clár sábháilteachta dóiteáin na mbunscoileanna i mí Mheán Fómhair ag tús na scoilbhliana nua, 2008/09. 

END

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan