Teagasc agus Oiliúint Foirne
Le go mbeidh clár sábháilteachta dóiteáin éifeachtach, ní mór don fhoireann a bheith eolach ar na codanna den chlár um shábháilteacht ó dhóiteán a bhaineann leo. Ba cheart teagasc agus oiliúint chuimsitheach a thabhairt don fhoireann chun a chur ar a gcumas a gcuid feidhmeanna faoin gclár a chomhlíonadh.
Ba cheart go bhfaigheadh gach ball foirne teagasc sna:
- Bearta coiscthe dóiteáin laethúla
- Nósanna imeachta éigeandála
- Garchabhair comhrac dóiteáin
Ba cheart go bhfaigheadh gach ball foirne cóip scríofa de na nósanna imeachta éigeandála agus de na nósanna imeachta d’aon tasc eile atá tarmligthe chucu i gcás dóiteáin.
Ba cheart go bhfaigheadh gach ball foirne treoir éigin freisin maidir le húsáid trealaimh gharchabhrach um chomhrac dóiteáin.
I gcás ina mbeidh foireann sainiúil um chomhrac dóiteáin bunaithe beidh tuilleadh teagaisc agus oiliúna ag teastáil uathu siúd atá ainmnithe don fhoireann leis an trealamh comhraicthe dóiteáin.