Bearta Gníomhacha um Shábháilteacht ó Dhóiteán
Is córais iad bearta Gníomhacha Réamhchúraim ó Dhóiteán a ghníomhaíonn nó a cheanglaítear a ghníomhachtú i gcás ráig dóiteáin.
I measc na mbeart Gníomhach Réamhchúraim Dóiteáin bheadh córais braite dóiteáin agus aláraim, soilsiú éigeandála agus trealamh comhraicthe dóiteáin. Ní mór measúnú iomlán ar na bearta gníomhacha agus éighníomhacha um shábháilteacht ó dhóiteán laistigh den fhoirgneamh a áireamh i mbainistíocht sábháilteachta dóiteáin laistigh d'fhoirgneamh.
Ba chóir gach easnamh sna bearta sábháilteachta dóiteáin a thabhairt faoi deara agus ba chóir clár oibreacha leasúcháin a chur i bhfeidhm chun an foirgneamh a uasghrádú go caighdeán inghlactha.