Clár Sábháilteachta Dóiteáin
Ba cheart don Bhainisteoir um Shábháilteacht ó Dhóiteán atá freagrach as an gclár um shábháilteacht ó dhóiteán a chur i bhfeidhm agus a mhaoirsiú Clár Sábháilteachta ó Dhóiteán a choinneáil mar thaifead iomlán ar gach ábhar a bhaineann le sábháilteacht dóiteáin san áitreabh.
Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa chlár:
- Ainm an Bhainisteora um Shábháilteacht ó Dhóiteán, agus iad siúd atá ainmnithe le bheith mar ionadaí dó/di.
- Sonraí na ndualgas sonrach dóiteáin atá sannta don fhoireann.
- Sonraí an teagaisc agus na hoiliúna a thugtar don fhoireann, agus cé a rinne.
- Dáta gach druil dóiteáin agus aslonnaithe agus torthaí na gcleachtaí a reáchtáladh.
- Cineál, líon agus suíomh an trealaimh chosanta dóiteáin san áitreabh, lena n-áirítear soláthairtí uisce, hiodrantáin etc.
- Dáta gach iniúchta ar an bhfoirgneamh féin, a fheisteas agus a sheirbhísí agus na bearta a rinneadh chun aon lochtanna a aimsíodh a leigheas.
- Sonraí maidir le gach teagmhas dóiteáin agus rabhadh bréagach a tharlaíonn agus na bearta a glacadh dá bharr.
Feidhmeoidh an clár mar thaifead agus freisin mar sheicliosta don Bhainisteoir um Shábháilteacht ó Dhóiteán lena chinntiú go bhfuil na seiceálacha agus an oiliúint atá ag teastáil á ndéanamh ar bhonn leanúnach.