Táscairí Feidhmíochta
Soláthraíonn na 31 Comhairle Cathrach agus Contae raon leathan seirbhísí ar fud na hÉireann. Is féidir leis na seirbhísí seo dul i bhfeidhm ar do shaol laethúil agus áirítear leo Tithíocht, Iompar, Pleanáil, Leabharlanna, Conláistí, Bainistíocht Comhshaoil, Seirbhísí Dóiteáin & Éigeandála, Bonneagar, Forbairt Pobail & Eacnamaíoch. Pléann Comhaltaí Tofa soláthar na seirbhísí seo ag Cruinnithe Míosúla na Comhairle Cathrach nó Contae. Tá na cruinnithe seo oscailte don phobal.
Cosúil le comhlachtaí poiblí eile, feidhmíonn comhairlí áitiúla i dtimpeallacht dhúshlánach le laghdú foirne agus buiséid agus éileamh méadaithe ar sheirbhísí. Gach bliain, foilsíonn an earnáil Táscairí Feidhmíochta chun leibhéal na seirbhíse a sholáthraíonn gach Comhairle Cathrach agus Contae a léiriú.