Déanann Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chill Chainnigh 124 Deontas a Leithdháileadh
Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 dírithe ar áiseanna i bpobail faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú.
Fuair coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chill Chainnigh leithdháileadh de €170,519.
Tá an ciste leithdháilte ar 124 grúpa agus eagraíocht phobail mar seo a leanas:-
- 46 Deontas chun costais reatha/oibríochtúla a chlúdach
- 78 Deontas le húsáid le haghaidh tionscadal caipitil lena n-áirítear ceannach trealaimh, oibreacha feabhsúcháin agus deisiúcháin ar áiseanna.
Seo a leanas roinnt samplaí den chineál tionscadal a fhaigheann tacaíocht i gContae Chill Chainnigh:-
- Ranníocaíocht i leith billí fóntais, costais árachais, costais cíosa
- Ceannach trealaimh oiliúna, trealaimh lasmuigh, trealaimh TF
- Péinteáil inmheánach agus sheachtrach
- Deisiúcháin díon, deisiúcháin téimh
- Dhífhibrileoir
Féach ar an nasc thíos le haghaidh liosta iomlán de na tionscadail ceadaithe faoin Scéim Deontas Reatha agus Caipitil.
Scéim-Maoinithe-Reatha-LEP-Ceadaithe-Cóip-2.pdf (méid 112.7 KB)
Scéim-Maoinithe-Caipitil-LEP-Ceadaithe.pdf (méid 133.1 KB)
Comhairle Contae Chill Chainnigh