Folúntas - Comhordaitheoir Éire Shláintiúil 2026/P/O/A/29
COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH
COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH
Lorgaítear iarratais ó dhaoine cáilithe don phost seo a leanas:
Comhordaitheoir Éire Shláintiúil
[COMÓRTAS OSCAILTE]
Uimhir Thagartha an Chomórtais: 2026/P/O/A/29
Scála Tuarastail: Is é €61,217 ar a laghad den scála go €79,583 ar a mhéad den scála, lena n-áirítear LSIanna, an scála tuarastail reatha don phost. De réir Chiorclán EL02/2011, ní mór daoine nach bhfuil ag fónamh d’fhostaithe Údaráis Áitiúil a chur ar an íosmhéid den scála.
Bunófar Painéal óna bhféadfar folúntais ábhartha a líonadh.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais chomhlánaithe a fháil ná: Dé Máirt 6 Deireadh Fómhair 2026, ag 4.00pm
Is féidir an Fhoirm Iarratais mar aon leis an Leabhrán Treorach Earcaíochta a fháil ó shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Chill Chainnigh nó ón nasc seo a leanas: https://submit.link/5kU
Coimeádann Comhairle Contae Chill Chainnigh an ceart aici féin iarrthóirí a ghearrliostú ag féachaint do riachtanais an phoist, chomh maith le haon eolas atá san Fhoirm Iarratais.
IS FOSTÓIR COMHIONANNAS DEISEANNA Í COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH
Comhairle Contae Chill Chainnigh