Cód iompair
Cód iompair
Cód Iompraíochta Chomhairle Contae Chill Chainnigh
Cód Iompraíochta Chomhairle Contae Chill Chainnigh
Tá sé mar aidhm ag Comhairle Contae Chill Chainnigh seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar, i dtimpeallacht shábháilte agus shlán. Chun é seo a bhaint amach, iarraimid ar ár gcustaiméirí a thabhairt faoi deara nach nglacfar leis an iompar seo a leanas in aon cheann dár n-áiseanna. Tá an Cód Iompraíochta seo bunaithe do bhaill an phobail a úsáideann na háiseanna agus na seirbhísí a chuireann Comhairle Contae Chill Chainnigh ar fáil.
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil an iompar seo a leanas inghlactha:
Iompar atá suaiteach agus a chuireann isteach ar úsáid agus taitneamh na háise ag daoine eile.
Ciapadh baill foirne nó daoine den phobal trí úsáid a bhaint as teanga maslach nó míchuí.
Úsáid foréigin nó bagairt foréigin i leith na foirne agus/nó baill den phobal.
Damáiste mailíseach do agus/nó goid réadmhaoine Chomhairle Contae Chill Chainnigh
Úsáid alcóil agus drugaí aindleathacha agus áitribh Chomhairle Contae Chill Chainnigh á n-úsáid.
Maoin phearsanta á fhágáil gan duine ina aire agus áiseanna Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh in úsáid.
Tá cosc ar chaitheamh tobac laistigh d’áitreabh Chomhairle Contae Chill Chainnigh.
Ná húsáid fón póca agus tú i mbun gnó na Comhairle.
Cabhraigh linn le do thoil úsáid fhreagrach agus tuisceanach áiseanna Chomhairle Contae Chill Chainnigh a spreagadh tríd an gCód Iompair a chomhlíonadh.
Tá Comhairle Contae Chill Chainnigh tiomanta don tseirbhís is fearr agus is féidir a sholáthar duit ar bhealach éifeachtach agus comhbhách. Imlíníonn ár gCairt Chustaiméirí conas a sholáthróimid an tseirbhís seo. Sonraíonn an Chairt seo go bhfuil tú i dteideal go ndéileálfar leat ar bhealach cúirtéiseach tuisceanach i gcónaí agus go hoscailte agus go neamhchlaonta.
Má bhraitheann tú gur theip ar chaighdeán na seirbhíse a sholáthraíonn Comhairle Contae Chill Chainnigh na riachtanais seo a chomhlíonadh, b’fhéidir gur mhaith leat gearán a dhéanamh. Is féidir leat é seo a dhéanamh trínár bhFoirm Ghearáin a chomhlánú agus a chur isteach [ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Chill Chainnigh], trí theagmháil a dhéanamh lenár Deasc Seirbhísí do Chustaiméirí nó trí ríomhphost a chur chugainn ag eolas@kilkennycoco.ie.
Níor cheart go mbeadh gearáin gan ainm agus ba chóir iad a dhéanamh ar an bhfoirm chuí.
íoslódáil
Tá an Chairt Chustaiméirí, Nós Imeachta Gearán agus Plean Gníomhaíochta do Chustaiméirí ar fáil i 2 bhformáid MS Word nó Adobe Acrobat: