An Coiste Iniúchóireachta Comhairle Contae Chill Chainnigh
Tá ról neamhspleách ag an gCoiste Iniúchta chun comhairle a chur ar an gComhairle maidir le próisis tuairiscithe airgeadais, rialú inmheánach, bainistíocht riosca agus cúrsaí iniúchta.
Mar chuid de na socruithe rialachais a fheidhmíonn laistigh de Chomhairle Contae Chill Chainnigh, tá ról neamhspleách ag an gCoiste Iniúchta chun comhairle a chur ar an gComhairle maidir le próisis tuairiscithe airgeadais, rialú inmheánach, bainistíocht riosca agus cúrsaí iniúchta. Feidhmíonn an Coiste de réir Cairte scríofa atá ceadaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh.
Baill an Choiste
Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste:
- An Dr Sean Brady. Cathaoirleach an Choiste.
- Maura Joyce.
- An tUasal Joe Allen.
- An Clr. Fidelis Doherty. Ceantar Bardasach Bhaile an Phoill
- An Clr. Andrew McGuinness. Ceantar Bardasach Chathair Chill Chainnigh
Feidhmeanna an Choiste Iniúchóireachta
Tá feidhmeanna an Choiste Iniúchóireachta mar a fhorordaítear in Alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil 2014
An tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014, Alt 59 (irishstatutebook.ie).