Fodhlíthe Luasteorainneacha Speisialta um Thrácht ar Bhóithre 2010

Fógra poiblí go bhfuil Fodhlíthe Luasteorainneacha Speisialta déanta ag Comhairle Contae Chill Chainnigh, le héifeacht ón 1 Meitheamh 2010 do bhailte agus sráidbhailte éagsúla ar fud Chontae Chill Chainnigh, Éire.

COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH

Fodhlíthe maidir le Teorainneacha LUAIS SPEISIALTA TRÁCHT AR BHÓITHRE 2010

De réir Alt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004, agus ar mhaithe le sábháilteacht bóithre, tá Fodhlíthe Teorainneacha Luais Speisialta déanta ag Comhairle Contae Chill Chainnigh, le héifeacht ón 1 Meitheamh 2010 maidir le bailte agus sráidbhailte éagsúla ar fud Chontae Chill Chainnigh. I gcás an R712 (sean-N10) idir Cill Chainnigh agus Baile Phóil agus an R448 (sean-N9) idir Baile Phóil agus Ceathrú na Coille, is é an dáta tosaithe ná 1 Deireadh Fómhair 2010 .i. tar éis oscailt an M9 idir Danesfort agus Powerstown.

Tá na Fodhlíthe riachtanach mar thoradh ar fhás na mbailte agus na sráidbhailte atá i gceist. Is é cuspóir na bhFodhlíthe foráil a dhéanamh do luasteorainneacha speisialta de 100km/u, 80km/u, 60km/u, 50km/u agus 30km/u ar na codanna de bhóithre a shonraítear sa Tríú go hOcht Sceideal den Fho-Dhlíthe. Dlíthe ar mhaithe le bainistíocht stuama tráchta agus sábháilteacht bóithre.

Áirítear iad seo a leanas ar phríomhghnéithe breise na bhFodhlíthe de bhreis ar Fhodhlíthe 2008 ar glacadh leo roimhe seo:

  • leasuithe ar théacs na bhfodhlí chun foráil a dhéanamh d’aicmithe nua sceidil bóithre agus faid bóithre nua soláthraithe de bhun an M8, an M9 agus an N25 Seachbhóthar Chathair Phort Láirge.
  • soláthar luasteorainneacha speisialta 100kph ar líonra na mBóithre Réigiúnacha sna láithreacha seo a leanas (féach Ocht Sceideal na bhFodhlíthe);
    • R448 (sean-N9) feadh Chnoc Chaisleán Bheanaigh ar feadh achar thart ar 1km.
    • R639 (sean-N8) ó thuaidh agus ó dheas ó Bhaile Sheáin agus lastuaidh d’Áth na nUrlainn.
    • R712 (sean-N10) idir Cill Chainnigh agus Baile Phóil.
    • R448 (sean N9) idir Baile Phóil agus Ceathrú na Coille (4.4km).
  • soláthar luasteorainn 60kph ar an N78 sa Chúil Bhán ar feadh achar 260m de réir thoiliú an NRA.
  • soláthar crios 30kph i lárcheantar Chathair Chill Chainnigh (féach an Séú Sceideal (Cuid C) de na Fodhlíthe).

Tá cóip de na Fodhlíthe ar fáil le hiniúchadh nó le híoslódáil ó na naisc thíos nó b’fhéidir iniúchadh a dhéanamh in oifigí Chomhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh idir na huaireanta 9.00am agus 5.00pm Luan go hAoine. Is féidir cóip de na Fodhlíthe a fháil ach é a iarraidh ach táille €5 a íoc.

Sínithe: John Mulholland
Stiúrthóir Seirbhísí
Iompar, Gnóthaí Corparáideacha, Seirbhísí Dóiteáin & Éigeandála

Íoslódálacha

Doiciméad WordÍosluchtaigh Fodhlíthe Teorainneacha Luas Speisialta Doiciméad Microsoft Word (352 KB)
Doiciméad PDFÍosluchtaigh Fodhlíthe Teorainneacha Luas Speisialta Doiciméad PDF (224 KB)

Doiciméad PDFÍoslódáil Fodhlíthe Luasteorainneacha 2010 Tuarascáil agus Rún Doiciméad PDF (146 KB)

Doiciméad PDFÍosluchtaigh léarscáileanna 1 15 Doiciméad PDF (1.18 MB)
Doiciméad PDFÍosluchtaigh léarscáileanna 16 29 Doiciméad PDF (971 KB)
Doiciméad PDFÍosluchtaigh léarscáileanna 30 40 Doiciméad PDF (5.73 MB)
Doiciméad PDFÍosluchtaigh léarscáileanna 41 55 Doiciméad PDF (2.07 MB)
Doiciméad PDFÍosluchtaigh léarscáileanna 56 70 Doiciméad PDF (716 KB)
Doiciméad PDFÍosluchtaigh léarscáileanna 71 74 Doiciméad PDF (1.14 MB)

---------------------------------------------- ---------------------------------------------- ----------------------------

Conas na léarscáileanna aonair a fheiceáil sna doiciméid Fhodhlíthe Speisialta

I Microsoft Word Doiciméad Word
Cabhrú chun léarscáileanna teorainneacha luais a fheiceáil i microsoft word

 

Sa doiciméad PDF Doiciméad PDF
Ag féachaint ar léarscáileanna luasteorainneacha i nDoiciméid PDF
Ag féachaint ar léarscáileanna luasteorainneacha i nDoiciméid PDF Teachtaireacht Rabhaidh
Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan