Forbairt bheartaithe - Leabharlann ag Sráid Eoin

Comhairle Bhuirg Chill Chainnigh

Fógra maidir le Forbairt Beartaithe ón Údarás Áitiúil

 

Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt (2000-2011)

Rialacháin um Pleanáil & Forbairt (2001-2011)

De réir Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, tugann Comhairle Buirge Chill Chainnigh i gcomhar le Comhairle Contae Chill Chainnigh fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn acu an fhorbairt seo a leanas a dhéanamh:

Leabharlann nua Cathrach agus Contae molta ag 75 & 76 Sráid Eoin agus ag Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh.

Is Struchtúir Chosanta iad Uimh. 75 Sráid Eoin agus Halla an Chontae, Sráid Eoin. Tá an láithreán suite laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta Shráid Eoin de réir Phlean Forbartha Chathair agus Phurláin Chill Chainnigh 2008-2014.

Áirítear leis an bhforbairt a bheartaítear:

  • Scartáil (i) síntí reatha ar chúl 75 & 76 Sráid Eoin, (ii) foirgneamh lasmuigh ar chúl uimh. 75 Sráid Eoin, agus (iii) den bhalla teorann idir cúl uimh. 75 & 76 Sráid Eoin agus Halla an Chontae.
  • Foirgneamh nua leabharlainne dhá stór a thógáil agus cóiríocht choimhdeach ar chúl 75 & 76 Sráid Eoin (timpeall 1,450 méadar cearnach).
  • Athchóiriú agus oibreacha caomhantais ar na foirgnimh reatha ag 75 & 76 Sráid Eoin le húsáid mar Oifig Ealaíon agus Leabharlann.
  • Oibreacha suímh ghaolmhara agus forbairt chlós.

Beidh pleananna agus sonraí na forbartha a bheartaítear ar fáil lena scrúdú ó Dé hAoine an 15úthMárta go dtí Dé hAoine 19th aibreán 2013 ag na láithreacha seo a leanas:

  • Oifigí Chomhairle Buirge Chill Chainnigh, Halla na Cathrach, An tSráid Ard idir na huaireanta 9am go 1pm agus 2pm go 5pm, Luan go hAoine (seachas Laethanta Saoire Bainc).
  • Oifigí Chomhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin idir na huaireanta 9am go 1pm agus 2pm go 4pm, Luan go hAoine (seachas Laethanta Saoire Bainc).
  • Leabharlann Carnegie, Cé Eoin idir na huaireanta 10am go 1pm agus 2pm go 8pm Dé Máirt agus Dé Céadaoin, 10rn go 1in agus 2in go 5in Déardaoin agus Aoine, agus 10rn go 1:30in Satharn (seachas deireadh seachtaine Saoire Bainc).

Féadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a dhéileálann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ina mbeidh an fhorbairt suite, a dhéanamh i scríbhinn chuig an té atá sínithe thíos, tráth nach déanaí ná. Dé hAoine 10th Bealtaine 2013 ag 12.00 meán lae.

Brian Tyrrell, Cléireach an Bhaile, Halla na Cathrach, An tSráid Ard, Cill Chainnigh.

 

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan