Láithreáin Thréigthe
Clár Láithreáin Thréigthe Chill Chainnigh
Úsáideann an Chomhairle roinnt meicníochtaí éagsúla chun déileáil le réadmhaoin fholmha, agus chun gníomhachtú cuí na láithreán a spreagadh. Seo a leanas iad:
Clár do láithreáin tréigthe
Clárú láithreáin fholmha
Tithe folmha
Cáin Thalaimh Chriosaithe Chónaithe
Thug an Roinn Airgeadais agus na Coimisinéirí Ioncaim isteach i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cáin nua chun talamh a ghníomhachtú chun críocha cónaithe mar Alt 80 den Acht Airgeadais 2021. Tá an beart cánach dírithe ar fhorbairt chónaithe a dhreasú seachas ioncam a ghiniúint don Stát. Tiocfaidh an cháin seo in ionad an Tobhaigh ar Shuíomh Folamh in imeacht ama.
Chun an beart cánach nua seo a chur i bhfeidhm, ní mór d’údaráis áitiúla léarscáiliú a dhéanamh chun na tailte atá i scóip na cánach ina limistéir feidhme faoi seach a aithint. Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanfaidh riaradh an bhirt chánach. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Clár Láithreáin Thréigthe Chill Chainnigh
Cáin chun gníomhachtú talamh cónaithe criosaithe agus seirbhísithe le haghaidh tithíochta a spreagadh.
Clár na Láithreán Folamh i gCill Chainnigh, is féidir suíomh folamh a chur isteach ar an gclár nuair a bhíonn Comhairle Contae Chill Chainnigh den tuairim go bhfuil sé...