Feithiclí Seirbhíse Poiblí

Eolas breá anseo faoi chánachas busanna, tacsaithe, fruilcharr. Is féidir foirmeacha a íoslódáil.

Feithiclí Seirbhíse Poiblí - PSVanna

Feithiclí Seirbhíse Poiblí is feithiclí iad a iompraíonn paisinéirí ar fruiliú nó ar luaíocht, agus atá deighilte i dhá chatagóir:

-Feithicil Mhór Seirbhíse Poiblí - LPSV (Feithicil atá in ann níos mó ná 8 bpaisinéir a iompar - Busanna)

-Feithicil Bheag Seirbhíse Poiblí - SPSV (Feithiclí atá in ann 8 bpaisinéir nó níos lú a iompar amháin - Tacsaithe, Fruilcharr agus Limisín)

Chun feithicil a oibriú mar PSV tá dhá chineál ceadúnais ag teastáil:
-Ní mór go mbeadh Ceadúnas Tiomána PSV ag an tiománaí - 'suaitheantas an tiománaí'
-Ní mór an fheithicil a chlárú mar PSV agus Ceadúnas Feithicle PSV a bheith aici

Tá ceadúnais Tiománaithe agus Feithicle PSV á rialú ag an An tÚdarás Náisiúnta Iompair. Chun eolas a fháil ar na riachtanais agus ar an bpróiseas iarratais dóibh seo, féach le do thoil www.nationaltransport.ie

Chun cáin a ghearradh ar Fheithicil Seirbhíse Poiblí, ní mór Ceadúnas Feithicle PSV bailí a chur isteach GACH an t-am a dhéantar iarratas.

Chun cáin a ghearradh ar PSV beidh na nithe seo a leanas uait
-RF100A Íoslódáil an fhoirm le haghaidh athnuachana cánach feithicle nó RF100B
- Ceadúnas PSV
-Deimhniú Árachais a thaispeánann Feithicil Seirbhíse Poiblí faoi na teorainneacha úsáide.
-Táille Cuí

CRW reatha d’fheithiclí allmhairithe os cionn 1 bhliain d’aois

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan