Riaráistí Morgáiste a Bhainistiú
Ag Déileáil le Riaráistí Iasachta Tithíochta
Is é polasaí Chomhairle Contae Chill Chainnigh gach iarracht a dhéanamh cabhrú le hiasachtaithe a mbíonn deacrachtaí acu a gcuid aisíocaíochtaí a íoc. Faoi Chód Iompair an Bhainc Ceannais ar Riaráistí Morgáiste, tá Próiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste i bhfeidhm ag Comhairle Contae Chill Chainnigh anois - MARP.
Má tá deacrachtaí agat le haisíocaíochtaí ba chóir duit dul i dteagmháil le duine dár nOifigeach Tacaíochta Riaráistí tiomnaithe in Aonad Bainistíochta Riaráistí Iasachta Tithíochta na Comhairle chun do chás a phlé.
Mary Brophy
Teil: 056 7794021
r-phost: mary.brophy@kilkennycoco.ie
Lorraine McGuire
Teil: 056 7794056
r-phost: lorraine.mcguire@kilkennycoco.ie
Íoslódáil - Próiseas Réitigh Riaráistí - Leabhrán Faisnéise don Iasachtaí.docx (méid 106 KB)
Cliceáil ar an íomhá thíos chun ár dtreoirleabhar 'Sorting it Out' a íoslódáil.
Íoslódáil an Leabhrán ‘Sorting It Out’.pdf (méid 765.4 KB)
Agus do chás airgeadais á measúnú beidh ort an ‘Ráiteas Caighdeánach Airgeadais’ a chomhlánú. Cliceáil ar an íomhá thíos chun an doiciméad a íoslódáil.
An tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) Tar éis suíomh Gréasáin nua a sheoladh:
Le cabhair agus comhairle bhreise a fháil is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Mabs. Chun gur féidir leat d’airgeadas a bhainistiú ar bhealach níos fearr, cliceáil ar an nasc thíos le suíomh Gréasáin an SBCA.
Comhairleoirí Airgid, 8 Sráid Uilliam, Cill Chainnigh
Fón : 076 107 2610
r-phost:Kilkenny@mabs.ie
Bíonn Mabs ar oscailt ó Luan go hAoine ó 9:30rn go 4:30in
Le haghaidh Treorach agus Faisnéise Breise féach freisin Suíomh Gréasáin Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann.