Cuireadh Éire Chruthaitheach

Fáiltíonn Cill Chainnigh roimh Éire Chruthaitheach

 

Tugann Comhairle Contae Chill Chainnigh cuireadh ó chroí duit freastal ar chruinniú oscailte faoi Chlár nua Éire Chruthaitheach i gCill Chainnigh ar an Déardaoin 27 Aibreán ag 6.15pm Beidh an cruinniú ar siúl sa Kilbride Suite

Cuireadh Éire Chruthaitheach .jpg (méid 61.1 KB)
Is clár cultúir faoi stiúir an rialtais é Éire Chruthaitheach atá deartha chun folláine aonair, pobail agus náisiúnta a chur chun cinn. Is é an bunphrionsabal ná go dtiomáineann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha cruthaitheacht phearsanta agus chomhchoiteann, le himpleachtaí suntasacha ar fholláine agus ar ghnóthachtáil an duine aonair agus na sochaí. Tionscadal oidhreachta atá ann do Chlár náisiúnta Céad Bliain 1916 ar éirigh go geal leis.

Tá ról ríthábhachtach ag údaráis áitiúla i seachadadh áitiúil foriomlán chlár iomlán Éire Chruthaitheach agus tugtar sainordú dóibh go heisiach, trína bhFoirne Cultúir, Colún 2 den chlár - Cumasú na Cruthaitheachta i Gach Pobal a sheachadadh. Tógann Clár Éire Chruthaitheach ar chláir oibre atá ann cheana féin in Údaráis Áitiúla. Cuireann Éire Cruthaitheach creat ar fáil chun tacú leis an obair seo ar fad agus í a neartú.

Déanfaidh Foireann na Seirbhísí Cultúir (Ealaíona, Oidhreacht, Leabharlanna agus Ailtireacht) Clár Éire Chruthaitheach a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm i gComhairle Contae Chill Chainnigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Chlár Éire Chruthaitheach féach http://creative.ireland.ie/. Le tuilleadh eolais a fháil ar chlár Éire Chruthaitheach Chill Chainnigh déan teagmháil le Dearbhala Ledwidge, Oifigeach Oidhreachta. dearbhala.ledwidge@kilkennycoco.ie

 

 

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan