Sábháilteacht Uisce
Ról sábháilteachta uisce an Oifigigh Forbartha Sábháilteachta Uisce agus Chomhairle Contae Chill Chainnigh.
An Oifigeach Forbartha Sábháilteachta Uisce Tá Comhairle Contae Chill Chainnigh ag obair i dtreo feasachta agus cur chun cinn sábháilteachta uisce ar fud an chontae. Áirítear ar na dualgais a chomhlíonann an tOifigeach Forbartha Sábháilteachta Uisce
- Idirchaidreamh a dhéanamh le Coiste Limistéir Sábháilteachta Uisce i gCill Chainnigh (kilkenny@watersafety.ie) agus Sábháilteacht Uisce, Éire thar ceann an Údaráis Áitiúil, agus freastal ar chruinnithe chun na críche sin;
- Ullmhúchán an bhuiséid um shábháilteacht uisce a shocrú agus rannchuidiú údaráis áitiúil a chinntiú do Shábháilteacht Uisce, Éire
- Trealamh sábháilteachta uisce a cheannach do ghardaí tarrthála, do theagascóirí agus do scrúdaitheoirí;
- Gardaí tarrthála a fhostú ag limistéir snámha le linn shéasúr an tsamhraidh;
- Socrú a dhéanamh chun baoithe fáinne agus trealamh sábháilteachta a chur suas i limistéir shnámha, agus ag pointí straitéiseacha feadh aibhneacha agus lochanna, agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh d'fhonn iad a athsholáthar, de réir mar is gá;
- Déileáil leis na meáin ar ghnéithe éagsúla de shábháilteacht uisce, .i. sábháilteacht uisce a chur chun cinn, teagasc snámha agus feasacht ar chontúirtí.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Forbartha Sábháilteachta Uisce ag 056 7794470 nó trí ríomhphost ag timpeallacht@kilkennycoco.ie
Staitisticí don bhliain 2021 maidir le Limistéar Snámha arna Mhaoirseacht ag Gardaí Tarrthála i gCo. Chill Chainnigh
Timpistí a Chosc | 139 |
Daoine Tarrthála | 2 |
Comhairle tugtha | 875 |
Nósanna Imeachta Garchabhrach | 122 |
Tá Sábháilteacht Uisce tábhachtach ar feadh na bliana, Coinnigh sábháilte san uisce
Check out www.safetyzone.ie, www.facebook.com/IWSie/videos,www.ringbuoys.ie; www.iwsmembership.ie;
Sábháilteacht Uisce na hÉireannwww.iws.ie) is based at An tSiúlóid Fhada, Gaillimh; Fón 091 564 400; Íosghlao 1890 420 202; r-phost: info@iws.ie.