Oideachas agus Feasacht Timpeallachta
Tá Oifigeach Feasachta Comhshaoil tiomnaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh a fhorbraíonn straitéis go bliantúil chun cúig chroíthéama a chur chun cinn.
- Bainistiú Dramhaíola
- Cosc agus Rialú Bruscair
- Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
- Athrú Aeráide
- Bithéagsúlacht
Cuirtear an straitéis i gcrích trí feachtais a dhéanamh agus cláir agus tionscadail éagsúla a reáchtáil le páirtithe leasmhara éagsúla. Áirítear ar na páirtithe leasmhara; scoileanna, grúpaí óige, grúpaí pobail agus gnólachtaí.