Ceadúnas Trádála Ócáideach An Pharáid, Cill Chainnigh 2026

COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH
Fodhlíthe corr-thrádála, 2021
Tá iarratais á lorg le haghaidh Ceadúnas Trádála Ócáideach don Limistéar Trádála Ócáideach ainmnithe ag An Pharáid, Cill Chainnigh, do na Satharn amháin i rith na tréimhse ón 2 Bealtaine, 2026 go dtí an 26 Meán Fómhair, 2026 (22 Satharn).
I gcás go mbeidh an Pharáid ag teastáil le haghaidh ócáid speisialta agus/nó oibreacha feabhsúcháin, ní fhéadfaidh an margadh dul ar aghaidh agus in imthosca dá leithéid, aisíocfar cuid den táille.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ón té atá sínithe thíos nó is féidir iad a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Chainnigh www.kilkennycoco.ie. Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais chomhlánaithe a fháil ná meán lae Déardaoin an 26 Márta 2026.
Tá cóipeanna de Fho-dhlíthe Trádála Ócáideach Chomhairle Contae Chill Chainnigh 2021 ar fáil lena n-iniúchadh in oifigí Chomhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh, nó is féidir iad a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Chainnigh www.kilkennycoco.ie.
Stan Ó Cuilinn
Innealtóir Sinsearach,
Ceantar Bardasach Chill Chainnigh
Comhairle Contae Chill Chainnigh
Cúirt Phádraig, Sráid Phádraig
Chill Chainnigh R95 N28F
ríomhphost: kmd@kilkennycoco.ie
Comhairle Contae Chill Chainnigh