Comhairle na nog

Lógó Chomhairle na nOg

Comhairle na nÓg Chill Chainnigh

Is comhairle do dhaoine óga í Comhairle na nÓg Chill Chainnigh a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga 12-18 mbliana d’aois i gCill Chainnigh agus a thugann guth dóibh maidir le heolas a chur ar fáil do bheartas áitiúil agus do chinnteoireacht. Tá sé mar aidhm aige deis a thabhairt do dhaoine óga san aoisraon seo na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh a aithint, roinnt de na hathruithe ar mhaith leo a fheiceáil a phlé agus smaointe agus moltaí a thabhairt chun cinn chun athruithe a dhéanamh.

Tá 25 ionadaí óg ar Chomhairle na nÓg Chill Chainnigh ó na ceithre Thoghcheantar Dúiche Bardasach i gContae Chill Chainnigh - Caisleán an Chomair (Thuaidh), Baile an Phoill (Theas), Cathair Chill Chainnigh Thoir agus Cathair Chill Chainnigh Thiar. Toghtar na daoine óga seo ag CGB i mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Tagann an Chomhairle le chéile uair amháin gach trí seachtaine ar an meán.

Is tionscnamh náisiúnta é Comhairle na nÓg a eascraíonn ón Straitéis Náisiúnta Leanaí 2000. Tá sé á stiúradh agus á maoiniú ag an leibhéal náisiúnta ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Ag an leibhéal áitiúil is ar Chomhairle Contae Chill Chainnigh atá an fhreagracht as riarachán an mhaoinithe agus as comhordú a dhéanamh ar Choiste Stiúrtha Idirghníomhaireachta. Tugann an coiste seo tacaíocht agus treoir d’fhorbairt agus d’obair na Comhairle. I measc na ngníomhaireachtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar Choiste Stiúrtha Chill Chainnigh tá Comhairle Contae Chill Chainnigh, Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - An Roinn Cothaithe Sláinte, Ossory Youth, Foróige, Comhpháirtíocht LEADER Chill Chainnigh. Suíonn comhaltaí na Comhairle ar an gcoiste seo freisin. Bíonn an RLGÓ i dteagmháil go dlúth leis an gcoiste. Foróige a éascú agus tacú le forbairt na Comhairle thar ceann Chomhairle Contae Chill Chainnigh.

Gach bliain, tugtar cuireadh do chomhaltaí Chomhairle na nÓg páirt a ghlacadh i nDáil na nÓg, an fóram náisiúnta bliantúil óige a chuidíonn le heolas a chur ar bheartas náisiúnta.

Le tuilleadh eolais a fháil agus le fáil amach conas is féidir leat a bheith páirteach i gComhairle na nÓg Chill Chainnigh logáil isteach http://www.comhairlenanog.ie/local-comhairle/kilkenny/

Nó déan teagmháil
David lee
Comhairle Contae Chill Chainnigh
An Rannóg Pobail agus Cultúir, Teach Fhaiche Sheáin, Faiche Eoin, Cill Chainnigh
r-phost: david.lee@kilkennycoco.ie
Teil: 056 7794996

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan