Tuarascáil Athbhreithnithe ar Dhearadh Uirbeach do shuíomh Diageo i gCathair Chill Chainnigh
Tá sé aontaithe ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh suíomh Diageo/Smithwicks a cheannach i lár chathair Chill Chainnigh, mar gheall ar a thábhachtaí atá sé do leas eacnamaíoch agus sóisialta na cathrach agus an chontae. Tá thart ar 5.5ha (13.5 acra) i dtailte na grúdlainne).Tá 0.8ha (1.9 acra) eile in úinéireacht phoiblí díreach in aice leis agus ar fáil. Tugann ceannach tailte Diageo deis uathúil chun forbairt Chathair Chill Chainnigh a mhúnlú sa todhchaí.
Ag leanúint ar aghaidh ón bpróiseas athbhreithnithe piaraí ar tugadh faoi don Lárscéim Rochtana agus ar aon dul le Beartas an Rialtais ar Ailtireacht 2009 - 2015, chun dearadh uirbeach agus ailtireacht ardchaighdeáin a chur chun cinn beartaíodh gur cheart collóiciam a reáchtáil de ghairmithe le taithí agus eolas i réimse an dearadh uirbigh agus na hailtireachta, pleanála agus réadmhaoine, sraith prionsabal dearaidh a fhorbairt a bheidh mar bhonn eolais d'fhorbairt máistirphlean don cheantar.
Eagraíodh an t-athbhreithniú seo ina dhá chuid, a chuimsigh leathlae ar an 5 Nollaig 2012, ina raibh réamhrá ar an tionscadal, fóram díospóireachta agus cuairt ar an suíomh, agus cruinniú lae ar an 5 Feabhra 2013. achoimre ar na cur i láthair agus ar an bplé a tharla le linn an dara céim den phróiseas athbhreithnithe ag Halla an Chontae, Cill Chainnigh, ar 5 Feabhra 2013. Chuimsigh an lá sraith láithreoireachtaí ó lucht freastail ag cur síos ar ábhair imní, coincheapa agus modheolaíochtaí do shuíomh Diageo agus don cheantar uirbeach níos leithne. , agus chríochnaigh sé le plé ar na smaointe seo agus forbairtí amach anseo.
Íoslódáil Tuarascáil Athbhreithnithe Dearaidh Chill Chainnigh Feabhra 2013.pdf (méid 62.9 KB)