Forbairt Bheartaithe - Teach ag Gléib Inse Cille, Baile an Phoill

Tógáil teaghaise scoite nua 4 sheomra leapa aon stóir, tógáil 2 sheid agus scartáil teachín tréigthe agus oibreacha láithreáin gaolmhar ag Gléib Inse na Cille, Baile an Phoill, Co. Chill Chainnigh

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú

Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 arna leasú

FÓGRA MAIDIR LE FORBAIRT BEARTAITHE AG ÚDARÁS ÁITIÚIL

 

Alt 179 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2016 Cuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2017

Teach ag Gléib Inchakill, Baile an Phoill

De réir Chuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin thuas, tugann Comhairle Contae Chill Chainnigh leis seo fógra faoi thograí a bhaineann leis an bhforbairt seo a leanas:

Tógáil teaghaise scoite nua 4 sheomra leapa aon stóir, tógáil 2 sheid agus scartáil teachín tréigthe agus oibreacha láithreáin gaolmhar ag Gléib Inse na Cille, Baile an Phoill, Co. Chill Chainnigh

Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh nó le ceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh le linn uaireanta oifige ó 8 Iúil 2022 go dtí an 5ú Lúnasa 2022 san áireamh, ag: -

 An Cheantar

Uaireanta oscailte

An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cathair Chill Chainnigh.

Ó 9am go 1pm & 2pm go 5pm Luan go hAoine (Seachas Laethanta Saoire Poiblí)

Is féidir sonraí na forbartha a bheartaítear a fheiceáil ag https://consult.kilkenny.ie/

Féadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a dhéileálann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ina ndéanfar an fhorbairt, a dhéanamh:

  • Ar líne ag https://consult.kilkenny.ie/,
  • i scríbhinn chuig an Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh nó trí ríomhphost: planning@kilkennycoco.ie
  • Nó seolta chuig an seoladh r-phoist seo a leanas housingpart8@kilkennycoco.ie 
  • Is é an dáta is déanaí chun tuairimí a fháil faoin scéim thuas 5pm Dé hAoine 19ú Lúnasa 2022.  Ba cheart aighneachtaí a mharcáil go soiléir “Teach ag Gléib na hInse, Baile an Phoill – Aighneacht Phleanála Cuid 8”

De réir cheanglais Airteagal 120(1)(a) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) tá réamhscrúdú déanta ag an údarás Pleanála ar nádúr, méid agus suíomh na forbartha a bheartaítear. Chinn an t-údarás nach bhfuil fíordhóchúlacht ann go mbeidh tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag eascairt as an bhforbairt a bheartaítear agus tá cinneadh déanta nach bhfuil Measúnú Tionchair Timpeallachta (MTT) ag teastáil.

De réir Airteagal 120(3) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), i gcás go measann duine ar bith gur dócha go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt a bheartaítear a dhéanamh ar an gcomhshaol, féadfaidh sé nó sí, aon tráth. roimh dheireadh 4 seachtaine dar tosach dáta foilsithe an fhógra seo iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh scagthástála i dtaobh an dóigh go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt ar an gcomhshaol.

 Sínithe: Mary Mulholland, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Chill Chainnigh

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan