Cuid 8 Comhairliúchán R713/448 Cosán Cnoc an Tóchair go Béal Átha hÉil
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 - 2019
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 - 2019
FÓGRA MAIDIR LE FORBAIRT BEARTAITHE AG ÚDARÁS ÁITIÚIL
R713/R448 Cosán Cnoc an Tóchair go Béal Átha hÉil
De réir Chuid 8, Airteagal 81, de na rialacháin thuas, tugann Comhairle Contae Chill Chainnigh leis seo fógra faoi
tograí a bhaineann leis an bhforbairt seo a leanas:
Soláthar Cosán nua, Draenáil agus Soilsiú Poiblí don R713/R448 Cnoc an Tóchair go Béal Átha hÉil.
Áireoidh an Tionscadal na nithe seo a leanas;
- 858m de chosán leanúnach 1.2 - 1.8m ar leithead.
- Soilsiú Poiblí lena n-áirítear seomraí duchtaithe agus colúin.
- Marcanna bóthair gaolmhara, comharthaíocht, draenáil uisce dromchla, fálú agus tírdhreachtú bog.
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha a bheartaítear ar fáil lena n-iniúchadh ón Aoine an 17 Eanáir 2020 go dtí an Aoine an 14 Feabhra 2020 san áireamh, sna hoifigí seo a leanas de chuid Chomhairle Contae Chill Chainnigh:
Comhairle Contae Chill Chainnigh, Ó 9am go 1pm & 2pm go 4pm
Foirgnimh an Chontae, Luan go hAoine (Seachas Laethanta Saoire Poiblí)
Sráid Eoin, Cathair Chill Chainnigh.
Comhairle Contae Chill Chainnigh, Ó 9am go 1pm & 2pm go 4pm
Oifig Ceantair Challainn, Luan go hAoine (Seachas Laethanta Saoire Poiblí)
Prologue, Callainn, Co. Chill Chainnigh.
Is féidir sonraí na forbartha a bheartaítear a fheiceáil ag https://consult.kilkenny.ie/ agus www.kilkennycoco.ie
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a dhéileálann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ina ndéanfar an fhorbairt, a dhéanamh ar líne ag https://consult.kilkenny.ie/, i scríbhinn chuig an Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh nó seolta chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas callanareaoffice@kilkennycoco.ie. Is é an t-am agus an dáta is déanaí chun aighneachtaí a fháil faoin bhforbairt ná 4.00pm, Dé hAoine an 28 Feabhra 2020. Ba cheart aighneachtaí a bheith marcáilte go soiléir "R713/R448 Cosán Cnoc an Tóchair go Béal Átha hÉil - Aighneacht Pleanála"
De réir cheanglais Airteagal 120(1)(a) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) tá réamhscrúdú déanta ar nádúr, ar mhéid agus ar shuíomh na forbartha a bheartaítear. Baineadh de thátal as an réamhscrúdú seo nach bhfuil fíordhóchúlacht ann go mbeidh tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag eascairt as an bhforbairt a bheartaítear agus tá cinneadh déanta nach bhfuil gá le Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT).
De réir Airteagal 120(3) i gcás ina measann duine ar bith gur dócha go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an bhforbairt a bheartaítear a dhéanamh ar an gcomhshaol, féadfaidh sé nó sí, tráth ar bith roimh dheireadh 4 seachtaine dar tosach dáta an. foilsiú an fhógra seo iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála le haghaidh cinnidh scagtha i dtaobh an dóigh go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt ar an gcomhshaol.
An tUasal Tim Butler,
Stiúrthóir Seirbhísí,
Comhairle Contae Chill Chainnigh, Sráid Eoin, Cill Chainnigh.