Fógra Forbartha Beartaithe - Comharthaíocht 'Bhailte Stairiúla' a Thógáil i Sráidbhaile Inis Tíog
Fógra Poiblí maidir le painéil eolais comharthaí a chur suas, plaiceanna agus méarchláir chun eolas a sholáthar ar stair na bhfoirgneamh agus na séadchomharthaí i Sráidbhaile Inis Tíog. Beidh comharthaíocht suite ag príomhphointí timpeall lár an tsráidbhaile.
Fógra Poiblí
Comhairle Chontae Chill Chainnigh
Comhairle Contae Chill Chainnigh
An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 2001 & Rialacháin Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 2001
Fógra ó Údarás Áitiúil i dtaobh Forbartha Beartaithe
Comharthaíocht 'Bhailte Stairiúla' a chur suas i Sráidbhaile Inis Tíog
De réir Alt 179 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 2000 -2007, agus Cuid 8 de na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 2001, tugann Comhairle Contae Chill Chainnigh leis seo fógra go bhfuil sé ar intinn acu na forbairtí seo a leanas a dhéanamh. :
Comharthaíocht a chur suas lena n-áirítear painéil léirmhínithe/eolais, plaiceanna agus méarlorg chun críocha eolas a sholáthar ar stair na bhfoirgneamh agus na séadchomharthaí i Sráidbhaile Inis Tíog. Beidh comharthaíocht suite ag príomhphointí timpeall lár an tsráidbhaile.
Tá pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh le linn uaireanta oifige ag oifigí Chomhairle Contae Chill Chainnigh (Deasc Seirbhísí do Chustaiméirí), Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh agus ag oifigí Chomhairle Contae Chill Chainnigh, Oifig Cheantar Bhaile Mhic Thomáis, Bóthar Chill Chainnigh, Baile Mhic Thomáis, Cill Chainnigh ón Aoine an 3 Iúil go dtí an Aoine an 31 Iúil idir 9:00am agus 5:00pm, Luan go hAoine (gan Laethanta Saoire Bainc san áireamh).
Is féidir aighneachtaí nó breathnuithe maidir leis an bhforbairt atá beartaithe, a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair ina mbeadh an fhorbairt suite, a dhéanamh i scríbhinn chuig an té atá sínithe thíos, tráth nach déanaí ná 5pm Dé hAoine an 13 Lúnasa, 2009.
Sínithe: Tony Walsh,
Stiúrthóir Seirbhísí,
Pobal agus Fiontar, Páirceanna, Leabharlanna agus Ealaíona,
Comhairle Contae Chill Chainnigh,
Halla an Chontae,
Sráid Eoin,
Chill Chainnigh.
Comhairle Contae Chill Chainnigh