Preasráiteas - Comhartha Meas ar Shaorálaí an Gharda Cósta Caitríona Lucas

Preas Ráiteas

Beidh an bhratach náisiúnta ar foluain ag Comhairle Contae Chill Chainnigh inniu (Déardaoin 14 Meán Fómhair, 2016) ag leathchrann mar chomhartha ómóis d’oibrí deonach de chuid an Gharda Cósta Caitríona Lucas a chaill a saol go tragóideach níos luaithe sa tseachtain. Bhí Ms. Lucas fostaithe i Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae an Chláir. Gabhann an Chomhairle comhbhrón le muintir Chaitríona agus lena cairde agus lena comhghleacaithe i gComhairle Contae an Chláir.

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan