Fógra Rátaí do Dhéanamh - Ceantar Sláinte Contae Chill Chainnigh

Comhairle Chontae Chill Chainnigh

Comhairle Contae Chill Chainnigh.

Fógra Rátaí do Dhéanamh - Ceantar Sláinte Contae Chill Chainnigh

Tugtar FÓGRA ANSEO go ndearnadh rátaí go cuibhe ar an maoin is inrátuithe i gCeanntar Sláinte Contae Chill Chainnigh.

Is é an Ráta Bliantúil ar Luacháil (Ráta sa Phóna roimhe seo) do ghnáthchaiteachas na Comhairle Contae le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2014. 52.05.

An Caiteachas Ioncaim Comhlán déanta suas mar seo a leanas:-

Grúpa Clár
1. Tithíocht & Foirgneamh11,353,900
2. Iompar & Sábháilteacht ar Bhóithre13,778,600
3. Seirbhísí Uisce13,576,100
4. Bainistíocht Forbartha4,453,800
5. Seirbhísí Comhshaoil7,036,600
6. Caitheamh Aimsire & Taitneamhacht3,960,500
7. Talmhaíocht & Oideachas, Sláinte & Leas1,939,600
8. Seirbhísí Ilghnéitheacha5,199,200
Iomlán61,298,300

Ní ghearrfar rátaí ar réadmhaoin Tí, ar an gcuid chónaithe d’áitribh ghnó agus ar mheánscoileanna, Hallaí Pobail bona fide agus ar fhothithe feirme.

Faoi Alt 7(1) den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978, aon duine arb éagóir leis mainneachtain údaráis rátúcháin liúntas a thabhairt dó faoin Acht sin nó a chreideann go bhfuil sé i dteideal liúntais eile a fháil dó. féadfaidh an méid a thabharfar dó, laistigh de dhá mhí ó dháta déanta an ráta, a iarraidh i scríbhinn ar an údarás rátúcháin an liúntas iomchuí a dheonú. I gcás nach gcomhlíontar an t-iarratas laistigh de 28 lá is féidir leis an duine, laistigh de 4 mhí ó dhéanamh an ráta, iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche chun an liúntas cuí a fháil.

Rinneadh na rátaí thuas ar an 21 Feabhra 2014. Ní mór aon iarratas ina leith faoi Alt 7(1) den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978, a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 21 Aibreán 2014. Ní mór don Chúirt Dúiche faoin bhforáil chéanna a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 21 Meitheamh 2014.

Tá na Leabhair Rátaí faoi mo choimeád anois agus is féidir le haon duine a ndéanann sé difear dóibh iad a iniúchadh in Oifigí Chomhairle Contae Chill Chainnigh idir na huaireanta 10 am agus 4 pm gan Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire Bainc. Beidh na Rátaí sin iníoctha ó fhoilsiú an bhFógra seo agus dá éis

Arna dhátú an 21 Feabhra 2014 seo.

Declan McDonnell

An Ceann Airgeadais Gníomhach

Halla an Chontae, Sráid Eoin.,

Chill Chainnigh.

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan