Síneadh Cuarbhóthar Thuaidh Chill Chainnigh

Síneadh Cuarbhóthar Thuaidh Chill Chainnigh - Bóthar Achadh Úr go Bóthar Chaisleán an Chomair

Ceanglóidh an bóthar atá beartaithe an N77 ó Thimpeallán Bhóthar Chaisleán an Chomair ag Acomhal 10 ar Chuarbhóthar Chill Chainnigh le Bóthar Úr an R693, díreach lastuaidh d'Ospidéal Aut Even agus timpeall 2.5km lastuaidh de Lár Chathair Chill Chainnigh. Tá fad na scéime a bheartaítear thart ar 1.5km agus áirítear ann droichead a thrasnaíonn an Fheoir.

I measc na bpríomhchuspóirí don scéim seo tá:

  • An brú tráchta a laghdú i Lár na Cathrach agus i nDroichead na Faiche.
  • Comhlánú a dhéanamh ar Scéim Rochtana Lárnach Chill Chainnigh atá molta.
  • Síneadh a sholáthar do Chuarbhóthar an N77 a nascann Bóthar Achadh Úr agus iarthuaisceart na Cathrach leis an gCuarbhóthar atá ann cheana féin.
  • Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Líonra Bóithre Straitéiseach don Réigiún, ag nascadh an M9 leis an M8 trí Chuarbhóthar Chill Chainnigh.
    Soláthraíonn an Scéim nasc iontaofa, sábháilte agus éifeachtach idir an M9 agus oirthear agus oirdheisceart na tíre agus an M8 ag Áth na nUrlainn agus tuaisceart agus iarthuaisceart na tíre.
  • Cur chun cinn siúlóide agus rothaíochta a éascú.
  • Sábháilteacht agus áisiúlacht tráchta a fheabhsú.

Scéim Nuashonraithe Eanáir 2016

Eisíodh an Ráiteas Tionchair Timpeallachta, Ordú Ceannaigh Éigeantaigh don scéim seo chuig an mBord Pleanála an 13 Nollaig, 2013. Cheadaigh an Bord Pleanála an EIS agus an OCÉ sa dara ráithe de 2014. Tá Athbhreithniú Breithiúnach ar an gcinneadh sin á lorg ag úinéirí talún áitiúla agus Comhairle Contae Chill Chainnigh ag fanacht le toradh an phróisis sin sula mbeidh sí in ann comhairle a chur ar Chomhaltaí maidir leis an gcéad chéim eile den Scéim.

Nuashonrú 2013 Nollaig

Tugann Comhairle Contae Chill Chainnigh leis seo de réir Alt 51 d’Acht na mBóithre, 1993, Alt 215 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 fógra go bhfuil sé beartaithe aici ceadú an Bhoird a lorg. Pleanáil don fhorbairt thuas.

Chuige sin, chuir Comhairle Contae Chill Chainnigh Ráiteas Tionchair Timpeallachta don scéim seo faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 13 Nollaig 2013.

Tá cóip iomlán den Ráiteas Tionchair Timpeallachta agus fógra poiblí ar fáil lena iniúchadh agus saor in aisce le híoslódáil ag na naisc seo a leanas:

Fógra Poiblí - Ráiteas Tionchair Timpeallachta Síneadh Cuarbhóthar Thuaidh Chill Chainnigh
Ráiteas Tionchair Timpeallachta Síneadh Cuarbhóthar Thuaidh Chill Chainnigh

Cuireadh an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh don scéim seo faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 20 Nollaig 2013.
Tá cóip den Sceideal um Ordú Ceannaigh Éigeantaigh ar fáil lena iniúchadh agus saor in aisce le híoslódáil ag an nasc seo a leanas:

Soláthar do Shíneadh Cuarbhóthar Thuaidh Chill Chainnigh (Bóthar Achadh Úr go Bóthar Chaisleán an Chomair)- Ordú Ceannaigh Éigeantaigh Uimh. 2 de 2013 Chomhairle Contae Chill Chainnigh

 

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan