Comhairle Contae Chill Chainnigh – Scéim Deontais Deich mBliana Céad Bliain 2023
Tá fáilte roimh iarratais ó chumainn oidhreachta, ó staraithe áitiúla, ó phobail agus ó ealaíontóirí ar mian leo imeachtaí a tharla i gContae Chill Chainnigh i 1923 a chomóradh.
Tá an tionscnamh seo tacaithe ag Aonad Cuimhneacháin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin Snáithe Pobail de Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán.
Tá fáilte roimh iarratais ó chumainn oidhreachta, ó staraithe áitiúla, ó phobail agus ó ealaíontóirí ar mian leo imeachtaí a tharla i gContae Chill Chainnigh i 1923 a chomóradh. Spreagann an scéim tionscadail a aithníonn gnéithe uile na tréimhse seo inár stair – an ghníomhaíocht mhíleata, an comhthéacs polaitíochta , agus gnéithe agus oidhreachtaí sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha. Is í aidhm an mhaoinithe chomórtha seo ná a chinntiú go gcuimhneofar imeachtaí ar leibhéal an phobail ar bhealach measúil, tomhaiste agus neamh-pháirteach. Spreagtar freisin tionscadail ealaíontóirí agus daoine cruthaitheacha a léirmhíníonn agus a fhreagraíonn go cruthaitheach don tréimhse seo i gCill Chainnigh.
Tá téarmaí na scéime i gcomhréir le treoir an tSainghrúpa Chomhairligh ar Chomóradh Céad Bliain.
Ní mór do gach tionscnamh agus gníomhaíocht a mhaoinítear ón scéim seo cloí leis an gcomhairle agus treoir sláinte poiblí, arna leagan síos ag FSS agus ag an Rialtas, maidir le COVID-19.
Iarraimid ar chumainn oidhreachta, ar staraithe áitiúla, ar phobail agus ar ealaíontóirí srl., iarratais a dhéanamh.
Íoslódáil an treoir do na blianta XNUMX
Foirm Iarratais
- Foirm Iarratais Deontas Deich mBliana Céad Bliain.pdf (méid 201.1 KB) mar Dhoiciméad PDF
- Foirm Iarratais Deontas Deich mBliana Céad Bliain.docx (méid 77 KB) mar Doiciméad Word
r-phost: oidhreachta@kilkennycoco.ie; Teil: 056-7794938
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 5 pm Dé Luain 6th Márta 2023