Straitéis Dhigiteach Chomhairle Contae Chill Chainnigh: Céim na Forbartha
Fáilte
Tá Straitéis Dhigiteach á forbairt ag Comhairle Contae Chill Chainnigh a bhfuil fonn uirthi freastal ar riachtanais agus ar mhianta mhuintir Chill Chainnigh. Ag cur ar a gcumas leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha agus infrastruchtúr ar fud an chontae.
Tabharfaidh torthaí an tsuirbhé seo forbhreathnú ar an gcomhdhéanamh digiteach i gcontae Chill Chainnigh agus leagfar béim ar na háiteanna inar féidir feabhsúcháin agus forbairtí a dhéanamh.
Seo thíos 3 cheistneoir do chineálacha éagsúla úsáideoirí. Comhlánaigh, le do thoil, an ceistneoir is ábhartha duit. Níl aon rud a chuireann bac ort na 3 cinn a chomhlánú má cheapann tú go bhfuil sé ábhartha.
Gnó - Ceistneoir Gnó
Tá an ceistneoir seo dírithe ar gach cineál gnó i gCill Chainnigh.
Is é an t-úinéir nó bainisteoir sinsearach laistigh den eagraíocht an freagróir idéalach.
Neamhbhrabúis - Ceistneoir Neamhbhrabúis
Tá an ceistneoir seo dírithe ar gach cineál eagraíochta neamhbhrabúis i gCill Chainnigh.
(m.sh. an earnáil phoiblí, eagraíochtaí pobail, eagraíochtaí spóirt, carthanachtaí, etc.)
Tomhaltóir - Ceistneoir Tomhaltóirí
Tá an ceistneoir seo dírithe ar dhaoine aonair a d’fhéadfadh a bheith ina n-úsáideoirí idirlín nó nach bhfuil.
Ríomhphost aon saincheisteanna broadofficer@kilkennycoco.ie