Tá gradam iomlán na mBailte Slachtmhara do 2014 buaite ag Cathair Chill Chainnigh

Ainmníodh Cill Chainnigh inniu mar an ceann is fearr ar an 849 baile agus sráidbhaile ar fud na tíre a chuir isteach ar chomórtas Bailte Slachtmhara Náisiúnta SuperValu na bliana seo ag searmanas bronnta an lae inniu ag an Helix i mBaile Átha Cliath.

Fógraíodh Cathair Chill Chainnigh freisin mar an Lárionad Uirbeach Mór is Slachtmhaire in Éirinn.

Ba iad an tUasal Alan Kelly, TD, an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus an tUasal Martin Kelleher, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, príomhurraitheoir an chomórtais, a bhronn na duaiseanna.

Agus é ag tréaslú le Cill Chainnigh agus leis na buaiteoirí eile ar fad dúirt an tAire “Tá sé 1985 ó bhuaigh Cill Chainnigh an duais iomlán an uair dheireanach ach tá ardchaighdeán á bhaint amach acu go seasta sa chomórtas ag leibhéal áitiúil agus réigiúnach”.

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan