Nós Imeachta Gearán
Nós Imeachta Gearán
COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH
NÓS IMEACHTA GEARÁN & ACHOMHAIRC
CAD IS FÉIDIR LIOM A DHÉANAMH MURA BHFUIL MÉ SHÁSTA LEIS AN bhFREAGRA?
Is é an bealach is fearr chun teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ná trí:
Cliceáil ar an nasc ‘Déan Gearán’ ag www.ombudsman.ie
Is féidir leat freisin:
- Scríobh chuig an Ombudsman ag: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
- Cuir glaoch ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon cheist agat.
NÓTA:
Ní bhaineann an nós imeachta gearáin agus achomhairc le cinntí Chomhairle Contae Chill Chainnigh sa chás go bhfuil próiseas reachtúil achomhairc ann agus nach gcuireann sé isteach ar do chearta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997.
GEARÁIN - NÓS IMEACHTA INMHEÁNACH
OIFIGEACH GEARÁN: ANNE MARIA WALSH, SEIRBHÍSÍ CORPARÁIDEACHA
Ní mór gach gearán foirmiúil a dhéanamh ar an gceann cuí Foirm Ghearáin agus curtha ar aghaidh chuig an Oifigeach Gearán, Gnóthaí Corparáideacha, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh, a bheidh freagrach as freagraí a chomhordú.
Tá na daoine seo a leanas ainmnithe mar na hOifigigh atá freagrach as déileáil le gearáin shonracha laistigh dá réimsí seirbhíse:
SERVICE | OIFIGEACH AINMNITHE |
OIFIGÍ LIMISTÉIR | Ian Gardner, Innealtóir Sinsearach, Cill Chainnigh. Stan Cullen, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach, Baile an Phoill. Philippe Beubry, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach, Caisleán an Chomair. Declan Murphy, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach, Callainn/Baile Mhic Andáin. |
POBAIL | Anne Marie Shortall, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach |
AIRGEADAS | Noelle Brett, Cuntasóir Airgeadais |
SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN | John Collins, Príomhoifigeach Dóiteáin |
TITHÍOCHT | Michael Leahy, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach |
SEIRBHÍSÍ CORPARÁIDEACHA | Anne Maria Walsh, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach |
ACMHAINNÍ DUINE | Marie Phelan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach |
CÓRAIS FAISNÉISE | Kevin Hanley, Ceann na gCóras Faisnéise |
LEABHARLANN | Josephine Coyne, Leabharlannaí an Chontae |
GLUAISCHÁIN | Stephen O'Connor, Oifigeach Riaracháin |
PLEANÁIL | Nicolaas Louw, Pleanálaí Sinsearach/A |
BÓITHRE | Seamus Kavanagh, Innealtóir Sinsearach |
COMHSHAOL | Michael Arthurs, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach |
PÁIRCEANNA/TIONSCADAIL SPEISIALTA | Frank Stafford, Innealtóir Sinsearach/A |
FORBAIRT EACNAMAÍOCH/TURASÓIREACHT | Aileen McGrath, A/Ceann Fiontair |
Nuair a bhíonn custaiméirí míshásta leis an gcinneadh is féidir achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig an Stiúrthóir Seirbhísí, Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Eoin, Cill Chainnigh. Déanfar athbhreithniú inmheánach ansin agus déanfar cinneadh deiridh.
Tá sé i gceist oibriú laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas:
- Admháil laistigh de 5 lá oibre
- Freagra laistigh de 28 Lá tar éis an gearán a fháil
- Achomharc laistigh de 4 seachtaine oibre
Ní bhaineann an nós imeachta achomhairc thuas le cinntí Chomhairle Contae Chill Chainnigh i gcás ina bhfuil próiseas reachtúil achomhairc ann agus nach gcuireann sé isteach ar do chearta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 .