Fógra Poiblí: Tá gach Clós Súgartha Poiblí Dúnta.
I bhfianaise fhógra an Taoisigh Leo Varadkar inné maidir le srianta breise maidir le COVID-19, tá Comhairle Contae Chill Chainnigh dúnta, le héifeacht ó inniu, 25/3/2020, ar na 27 clós súgartha poiblí atá á gcoimeád aici. Tá an beart riachtanach seo mar chuid d’fhreagairt an Rialtais moill a chur ar leathadh an choróinvíris COVID-19. Tá comharthaíocht curtha suas ag an gComhairle agus nuair is féidir tá rochtain dúnta nó stoptha ar a cuid clós súgartha ar fad.
Cé go dtuigimid an tionchar atá aige seo ar leanaí, go háirithe i gcomhthéacs dúnta eile, ní mór dúinn na híobairtí seo a dhéanamh chun stop a chur le scaipeadh leanúnach COVID-19.
Tá páirceanna agus rochtain ar aibhneacha fós ar oscailt ach iarraimid ar dhaoine meas a léiriú ar na réamhchúraimí a moltar duit a ghlacadh maidir le fadú sóisialta, eg níor cheart go mbeadh cruinnithe sóisialta daoine aonair lasmuigh níos mó ná 4, ach amháin má thagann siad go léir ón teaghlach céanna.