Folúntas - Innealtóir Cúnta
COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH
COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH
Lorgaítear iarratais ó dhaoine cáilithe don phost seo a leanas:
INNEALTÓIR CÚNTA
[COMÓRTAS OSCAILTE]
Uimhir Thagartha an Chomórtais: 2024/P/O/T/25
Scála Tuarastail: Is é an scála tuarastail reatha don phost €43,728 íosmhéid an scála go €68,246 uasmhéid an scála, LSIanna san áireamh.
De réir Chiorclán EL02/2011 ní mór daoine nach bhfuil fostaithe de chuid an Údaráis Áitiúil ag freastal orthu a chur ar íosmhéid an scála.
Bunófar Painéal óna bhféadfar folúntais ábhartha a líonadh.
Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil ná: Dé hAoine 17 Bealtaine 2024, ag 4.00i.n.
An Foirm Iarratais mar aon leis an Leabhrán Treorach Earcaíochta is féidir é a fháil ó shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Chill Chainnigh nó ón nasc seo a leanas: https://submit.link/2wX
Coimeádann Comhairle Contae Chill Chainnigh an ceart aici féin iarrthóirí a ghearrliostú ag féachaint do riachtanais an phoist, chomh maith le haon eolas atá san Fhoirm Iarratais.
IS FOSTÓIR COMHIONANNAS DEISEANNA Í COMHAIRLE CHONTAE CHILL CHAINNIGH